Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (Dlísheomra) an 9 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal judiciaire d’Auch (Cúirt Auch, an Fhrainc) – EP v Préfet du Gers, Institut national de la statistique et des études économiques (INSEE)

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-673/20) 1

(Tarchur chun réamhrialú – Saoránacht an Aontais – Náisiúnach den Ríocht Aontaithe a bhfuil cónaí air i mBallstát – Airteagal 9 CAE – Airteagail 20 agus 22 CFAE – an ceart chun vótála agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe – Airteagal 50 CAE – Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach – Iarmhairtí ar Bhallstát a tharraingt siar ón Aontas – Baint den rolla toghthóirí sa Bhallstát cónaithe – Airteagail 39 agus 40 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Bailíocht Chinneadh (AE) 2020/135)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal judiciaire d’Auch

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: EP

Cosantóir(í): Préfet du Gers, Institut national de la statistique et des études économiques (INSEE)

Idiragraí: Maire de Thoux

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagail 9 agus 50 CAE agus Airteagail 20 go 22 CFAE, arna léamh i gcomhar leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, a glacadh an 17 Deireadh Fómhair 2019 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020, a léirmhíniú go gciallaítear leo, ó tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach an 1 Feabhra 2020, nach bhfuil stádas mar shaoránach de chuid an Aontais ag náisiúnaigh an Stáit sin a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí i mBallstát roimh dheireadh na hidirthréimhse a thuilleadh ná, go sonrach, faoi Airteagail 20(2)(b) agus 22 CFAE, an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe, lena n-áirítear i gcás ina mbaintear de cheart díobh freisin, faoi dhlí an Stáit ar náisiúnaigh de iad, an ceart chun vótála i dtoghcháin arna reáchtáil ag an Stát sin.

Níor léiríodh aon ghné sa scrúdú ar an tríú agus ar an gceathrú ceist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú dá leithéid lena ndéanfaí difear do bhailíocht Chinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

____________

1 IO C 98, an 22.03.2021.