Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgericht Wiesbaden (an Ghearmáin) a taisceadh an 11 Eanáir 2022 – UF v Land Hesse

(Cás C-26/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Wiesbaden

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: UF

Cosantóir: Land Hesse

Páirtí uamtha: SCHUFA Holding AG

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An bhfuil Airteagal 77(1), i gcomhar le hAirteagal 78(1), de Rialachán (AE) 2016/6791 (RGCS) le tuiscint, maidir leis an toradh a chinnfidh an t-údarás maoirseachta agus a chuirfidh sé in iúl sonraí,

an mbeidh cineál cinnidh ar achainí leis?

Chiallódh sin go mbeadh athbhreithniú bhreithiúnach de chinneadh ar ghearán ag údarás maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 78(1) de RGCS, i bprionsabal, teoranta don cheist i dtaobh an bhfuil an gearán láimhsithe ag an údarás, an ndearnadh imscrúdú ar ábhar an ghearáin a mhéid is iomchuí agus an gearánach a chur ar an eolas i leith thoradh an imscrúdú.

ar chóir é a thuiscint mar chinneadh le tuillteanais arna dhéanamh ag údarás poiblí ?

Chiallódh sin go mbeadh cinneadh ar ghearán a thógfadh údarás maoirseachta faoi réir athbhreithniú substainteach iomláin ag an gcúirt i gcomhréir le hAirteagal 78(1) de RGCS, lena gcuirfidh, i gcásanna indibhidiúil – mar shampla nuair a laghdaítear lánrogha go nialas –an chúirt oibleagáid ar an údarás maoirseachta beart sonrach a thógáil laistigh de bhrí Airteagal 58 de RGCS.

An bhfuil stóráil sonraí ag gníomhaireacht faisnéise phríobháideach um chreidmheas, áit a stóráiltear sonraí pearsanta ó chlár poiblí, mar shampla bunachair sonraí náisiúnta, de réir bhrí Airteagal 79(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2015/8481 , a stóráiltear gan cúis shonrach chun faisnéis a thabhairt i gcás go ndéanfar iarratas, ar comhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh?

a) An bhfuil bunachair sonraí phríobháideacha (go háirithe bunachair sonraí gníomhaireachta faisnéise um chreidmheas) atá ann i gcomhthráth leis na bunachair sonraí Stáit, agus a bunaíodh ina dteannta, agus ina bhfuil sonraí ón ceann deireanach (in casu, fógraí dócmhainneachta), a stóráiltear níos faide ná an tréimhse luaiteá luaitear laistigh den chreat cúng de Rialachán (AE) 2015/848, arna léamh i gcomhar leis an dlí náisiúnta, ceadaithe i bprionsabal?

b) Más freagra dearfach a thabharfar ar cheist 3(a), an leanann sé ón ‘gceart go ndéanfaí ligean i ndearmad’ faoi Airteagal 17(1)(d) de RGCS gur cheart na sonraí sin a scriosadh i gcás go mbeidh an tréimhse phróiseála dá bhforáiltear i leith an phobail imithe in éag?

4. A mhéid a théann mír (f) d’Airteagal 6(1) de RGCS san áireamh mar bhunús dlí aonair le haghaidh storáil sonraí ag gníomhaireacht faisnéise phríobháideach um chreidmheas maidir leis na sonraí a stóráiltear i gcláir phoiblí, ar chóir a mheas go bhfuil leas dlisteanach ag gníomhaireacht faisnéise um chreidmheas sa chás ina iompórtálann sí sonraí gclár poiblí gan cúis shonrach ionas go mbeidh na sonraí sin ar fail i gcás go ndéanfar iarratas?

5. An bhfuil sé ceadaithe cóid iompair arna bhfaomhadh ag na húdaráis mhaoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 40 de RGCS, agus arna bhforáil do theorainneacha ama le haghaidh athbhreithniú agus léirscriosadh lena sáraítear na tréimhsí coinneála do chláir phoiblí, chun an comhchuibhiú leasanna arna fhorordú faoi mhír (f) d’Airteagal 6(1) de RGCS a fhionraí?

____________

1 Rialachán (AE) 2016/679 de Pharlaimint na hEorpa agus an Comhairle an 27 Aibreáin 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/EC (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí); IO 2016 L 119, lch.1).

1 Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO 2015 L 141, lch.19)