Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) a taisceadh an 2 Aibreán 2024 – NR v Ministero della Difesa, Comando Generale dell’Arma dei Carabinieri, Comando Generale Carabinieri – Centro Nazionale Amministrativo – Chieti, Centro Amministrativo d’Intendenza Interforze del Contingente delle Forze Armate Italiane in Afghanistan, Centro Nazionale Amministrativo dell’Arma dei Carabinieri

(Cás C-238/24, Tartisai) 1

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: NR

Cosantóirí: Ministero della Difesa, Comando Generale dell’Arma dei Carabinieri, Comando Generale Carabinieri – Centro Nazionale Amministrativo – Chieti, Centro Amministrativo d’Intendenza Interforze del Contingente delle Forze Armate Italiane in Afghanistan, Centro Nazionale Amministrativo dell’Arma dei Carabinieri

Na ceisteanna a tharchuirtear

Cad é an léiriú ceart ar Airteagal 7(3) de Chinneadh 2010/279/CBES ón gComhairle an 18 Bealtaine 2010, 1 is é sin le rá, arbh é cuspóir na forála sin a fhoráil go mbeadh liúntais a d’íoc Ballstát le fáil go carnach leis na liúntais arna deonú ag EUPOL?

I gcás a dtugtar an léiriú le tuiscint gur liúntais carnach atá sna liúntais sin, an gcuirtear cosc le hAirteagal 7(3) de Chinneadh 2010/279/CBES ón gComhairle an 18 Bealtaine 2010 ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an riail a eascraíonn ó fhorálacha Airteagal 3(1) de legge n. 108/2009 (Dlí Uimh. 108/2009), a mhéid a fhoráltar leis go ndéanfar ‘… foireann a bheidh rannpháirteach sna misin idirnáisiúnta dá dtagraítear sa Dlí seo a íoc, glan ar asbhaintí, ar feadh ré iomlán na tréimhse, i dteannta a dtuarastail nó a bpá agus liúntais sheasta agus leanúnacha eile, an liúntas misin dá dtagraítear i regio decreto n. 941 (Foraithne Ríoga Uimh. 941) an 3 Meitheamh 1926, … lúide aon liúntais agus ranníocaí a íocadh ar an mbonn céanna go díreach leis na daoine lena mbaineann ag comhlachtaí idirnáisiúnta’, agus le hAirteagal 1(b) d’Foraithne Ríoga Uimh. 941 an 3 Meitheamh 1926 agus le hAirteagal 3 de legge n. 642 (Dlí Uimh. 642) an 8 Iúil 1961 agus Airteagal 4(1)(a) de legge n. 838 (Dlí Uimh. 838) an 27 Nollaig 1973, de réir an léirithe atá leagtha amach thuas, atá dírithe ar charnadh na liúntas a eisiamh?

____________

1     Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní thagraítear leis d’fhíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.

1     Cinneadh 2010/279/CBES ón gComhairle an 18 Bealtaine 2010 maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh san Afganastáin (EUPOL AFGHANISTAN) (IO 2010 L 123, lch. 4).