Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – AL v an Coimisiún

(Cás T-50/22) 1

(Seirbhís shibhialta – Oifigigh – Luach saothair – Liúntais linbh chleithiúnaigh –Airteagal 2(4) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacha Foirne – Duine a  bpléitear leis mar leanbh cleithiúnach – Coinníollacha maidir le deonú – Airteagal 2(2) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacha Foirne – Cothabháil iarbhír – Aisghabháil íocaíochtaí neamhdhlite – Airteagal 85 de na Rialacha Foirne – Earráid mheasúnaithe – Ionchas dlisteanach)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: AL (ionadaí: R. Rata, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. Bohr agus L. Hohenecker, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 22 Márta 2021 a mhéid ar ordaíodh go n-aisghabhfaí suimeanna áirithe arna n-íoc mar chuid de liúntais dá mháthair agus dá thriúr leanaí cleithiúnacha.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do AL na costais a íoc.

____________

 1     IO C 128, 21.3.2022.