Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – IB v EUIPO

(Cás T-38/23) 1

(Seirbhís shibhialta – Oifigigh – Easláine  iomlán agus bhuan – Diúltú aththús a chur leis na himeachtaí maidir le heasláine – Airteagal 266 CFAE – Cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta – Bearta lena bhforghníomhaítear breithiúnas neamhnithe – Imeachtaí araíonachta – Dífhostú – Dliteanas)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: IB (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Lukošiūtė, E. Lekan agus D. Botis, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ó Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Aibreán 2022 agus breithiúnas an 13 Deireadh Fómhair 2021, IB v EUIPO (T-22/20, EU:T:2021:689) á fhorghníomhú agus, de réir mar is gá, an cinneadh an 2 Samhain 2022 lena ndiúltaítear don éileamh i gcoinne an chinnidh an 11 Aibreán 2022, ar an dara dul síos, go príomha, cúiteamh as an damáiste a bhain dó de thoradh an chinnidh sin nó, mar mhalairt air sin, go gceanglófaí ar EUIPO aththús a chur leis na himeachtaí maidir le heasláine agus, ar an tríú dul síos, go gceapfaí an tríú dochtúir den choiste easláine ex officio.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear ar neamhní an cinneadh ó Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Aibreán 2022 lena bhforghníomhaítear an breithiúnas an 13 Deireadh Fómhair 2021, IB v EUIPO (T-22/20).

Ordaítear do EUIPO suim EUR 4 000 a íoc le IB as an damáiste neamhábhartha arna déanamh.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

Ordaítear do EUIPO a chostais féin a íoc mar aon leo siúd arna dtabhú ag IB agus na suimeanna arna gcur chun tosaigh ag airgeadóir na Cúirte Ginearálta i ndáil le cúnamh dlíthiúil.

____________

 1     IO C 223, 26.6.2023.