Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – AL v an Chomhairle

(Cás T-22/22) 1

(Seirbhís shibhialta – Oifigigh – Nós imeachta araíonachta – Pionós araíonachta – Dífhostú – Imscrúdú OLAF – Prionsabal an dea-riaracháin – Airteagal 22 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacha Foirne – Oibleagáid cúiseanna a lua – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Airteagal 22 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacha Foirne – Comhréireacht – Ionchas dlisteanach – Dualgas cúraim a bheith ann i leith leas na foirne)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir:AL (ionadaí: R. Rata, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Bauer agus M. Alver, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 27 Meán Fómhair 2021 lenar dífhostaíodh dá phost é.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do AL costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh costais na n-imeachtaí eatramhacha a íoc.

____________

 1     IO C 109, 7.3.2022.