Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2023 – PAN Europe v an Coimisiún
(Cás T-1148/23)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Pesticide Action Network Europe (PAN Europe) (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí : A. Bailleux, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi;
Cinneadh ón gCoimisiún arna dhátú an 3 Deireadh Fómhair 2023, ar tugadh fógra ina leith don iarratasóir leis an leagan Fraincíse an 10 Deireadh Fómhair, lena ndiúltaítear don iarratas ar atbhreithniú inmheánach ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/574 1 ón gCoimisiún an 13 Márta 2023 lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le comhfhoirmligh neamh-inghlactha i dtáirgí cosanta plandaí a shainaithint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 2 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur ar neamhní;
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, lena n-éilítear sárú, leis an gcinneadh atá faoi chonspóid (agus leis an Rialachán Cur Chun Feidhme thuasluaite), ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus Airteagal 4(3)(b), Airteagal 4(5), Airteagal 27(1), (3) agus (5) agus Airteagal 29(1)(e) agus (f) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.
____________
1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gCoimisiún an 13 Márta 2023 lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le comhfhoirmligh neamh-inghlactha i dtáirgí cosanta plandaí a shainaithint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2023 L 75, lch. 7).
1 Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO 2009 L 309, lch. 1).