Caingean arna tabhairt an 30 Eanáir 2024 – Kartroi v EUIPO – Luxvide Finanziaria per Iniziative Audiovisive e Telematiche (SANDOKAN)
(Cás T-47/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Kartroi LLC (Orlando, Florida, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: M. Baccarelli, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Luxvide Finanziaria per Iniziative Audiovisive e Telematiche SpA (an Róimh, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘SANDOKAN’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 381 703
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí neamhbhailíochta
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bhord Achomhairc de EUIPO an 31 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 312/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
diúltú don iarratas ar neamhbhailíocht thrádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 381 703 arna dtaisceadh an 21 Meitheamh 2021 ag Luxvide Finanziaria per Iniziative Audiovisive e Telematiche SpA;
éisteacht an cháis a shocrú;
Kartroi LLC a aisíoc as na costais a bhaineann leis na himeachtaí sin chomh maith leis na costais arna dtabhú i gcéimeanna roimhe seo de na himeachtaí os comhair EUIPO agus an Bhoird Achomhairc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairlee.
____________