Caingean arna tabhairt an 12 Eanáir 2024 – an Fhrainc v an Coimisiún
(Cás T-19/24)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: B. Fodda, B. Travard agus S. Royon, Gníomhairí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
fógra comórtais oscailte EPSO/AD/411/23, riarthóirí (AD 7) i réimse cigirí a bhfuil freagracht leo ar choimircí núicléacha agus oifigigh bheartais i réimse an fhuinnimh núicléigh a chur ar neamhní;
a ordú don Choimisiún na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí atá, go bunúsach, mar an gcéanna nó cosúil leis na cinn a bhí á n-agairt sa Chás T-555/22, an Fhrainc v an Coimisiún.
____________