Caingean arna tabhairt an 31 Eanáir 2024 – Stratio Big Data v EUIPO – Stra (stratio)
(Cás T-49/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Stratio Big Data Inc. (Dover, Delaware, Stáit Aontaithe Mhéiriceá) (ionadaí: J.-B. Devaureix, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Stra SA (Coimbra, an Phortaingéil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc an Aontais Eorpaigh ‘stratio’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 13 223 045
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Samhain 2023 i gCás R 999/2022-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO agus, más iomchuí, don idiragraí, na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
– Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Sárú ar Airteagal 94 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________