Caingean arna tabhairt an 10 Eanáir 2024 – US v an Coimisiún
(Cás T-18/24)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: US (ionadaí: F. Moyse, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an caingean seo a cheadú mar fhoirm bhailí, agus a dhearbhú go bhfuil bunús maith agus bonn cirt léí;
dá bhrí sin, an cinneadh maidir le do-ghlacthacht agus an tuairisc atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, nó a dhearbhú ar neamhní go hiomlán iad;
suim EUR 50 884.71 a bhronnadh ar an iarratasóir as damáiste ábhartha agus suim EUR 5 000 a bhronnadh as damáiste neamhábhartha;
a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean chun tuairisc foirne an iarratasóra a chur ar neamhní don bhliain airgeadais 2022, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua.
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe.
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhíorais.
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear mí-úsáid cumhachtaí.
An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar dhualgas cúraim.
____________