Caingean arna tabhairt an 19 Nollaig 2023 – BW v Europol agus Eurojust
(Cás T-1180/23)
Teanga an cháis: an Ollainnis
Páirtithe
Iarratasóir: BW (ionadaí: J. Reisinger, Dlíodóir)
Cosantóirí: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
a dhearbhú gur neamhdhleathach agus ar neamhní gníomhartha Europol agus Eurojust agus Comhaontú Foirne Chomhpháirtí um Imscrúdú idir an Bheilg, an Fhrainc agus an Ísiltír an 13 Nollaig 2019 (‘Comhaontú JIT’) á thabhairt i gcrích agus á chur chun feidhme acu agus sonraí ó sheirbhís criptea-chumarsáide ‘Sky ECC’ á bhfáil, á n-anailísiú agus á roinnt ag na gníomhaireachtaí sin, bíodh nó ná bíodh an méid sin de réir an chomhaontuithe;
go gcuirfí ar neamhní JIT agus gníomhartha Europol agus Eurojust lena mbaineann;
cúiteamh EUR 50 000 a bhronnadh as na dhamáistí a ndearnadh mar gheall ar an gComhaontú JIT agus na ngníomhartha lena mbaineann;
a ordú do na cosantóirí na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur neamhdhleathach agus neamhréireach díréireacht fail agus próiseáil na sonraí/ sonraí pearsanta. Áitíonn an t-iarratasóir, agus sonraí Sky ECC á bhfáil agus á bpróiseáil, go háirithe toisc nár riachtanach nó comhréireach na cleachtais cúléisteachta agus ‘haiceála’ maidir le húsáideoirí Sky, gur sáraíodh Airteagail 18, 28 agus 38, i gcomhar le hAirteagail 47 agus 50 de Rialachán 2016/794, Airteagail 9, 26 agus 27 de Rialachán 2018/1727 agus Airteagail 71 agus 72 de Rialachán 2018/1725, chomh maith le forálacha bunúsacha dhlí an Aontais agus dhlí conartha idirnáisiúnta, go háirithe Airteagail 7, 8, 10 go 12, I gcomhar le hAirteagail 51 agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) agus Airteagal 17 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (CICSP).
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh an ceart ag an iarratasóir chun próis dhlíthiúil chóir a bheith aige toisc nach raibh aon deis ann chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhóntacht na fianaise ó bheart Sky ECC toisc nach raibh aon choimircí foirmiúla nó substainteacha ann agus an fhianaise sin á húsáid mar chuid de chásanna coiriúla.
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur ionchúisíodh an t-iarratasóir faoi dhó agus/nó nár oibríodh i gcomheagar mar is fearr i ndáil le hionchúiseamh coiriúil an iarratasóra. In ainneoin go bhfuil sé de rún oibriú i gcomheagar ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéil idir-Stáit, mar is léir ó Chomhaontú JIT agus ó reachtaíocht ábhartha an Aontais, táthar ag ionchúiseamh an iarratasóra in dhá thír éagsúla, eadhon san Ísiltír agus sa Seirbia.
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear nár shlándáil i gceart ab ea fáil agus próiseáil sonraí Sky ECC mar a cheanglaítear leis na Rialacháin arna lua ag an iarratasóir. Ní mór na sonraí pearsanta a shlánú mar is ceart ionas go bhféadfaí sonraí pearsanta a fháil go dleathach cothrom, mar is léir ó Airteagal 32 de Rialachán 2016/794 agus Airteagal 92 de Rialachán 2018/1725. De réir an iarratasóra, ní raibh aon chruthúnas ar a leithéid de slándáil sa chás seo.
____________