Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de lo Mercantil nº 3 de Gijón (an Spáinn) a taisceadh an 28 Samhain 2023 – Agencia Estatal de la Administración Tributaria v VT, UP

(Cás C-723/23, Amilla) 1

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de lo Mercantil nº 3 de Gijón

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Agencia Estatal de la Administración Tributaria

Cosantóirí: VT agus UP

Na ceisteanna a tharchuirtear:

Maidir le hAirteagal 23(1) de Threoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht), 1 an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta ar nós Airteagal 487.1.4° den Texto Refundido de la Ley Concursal (Téacs Comhdhlúite an Dlí um Dhócmhainneacht), arna leasú le Dlí 16/2022 an 5 Meán Fómhair, lena n-áirítear iompar an fhéichiúnaí i ndáil le creidiúnaithe tríú páirtí, seachas iad siúd atá ar liosta creidiúnaithe ina imeachtaí dócmhainneachta féin mar dhuine nádúrtha, sa choincheap ‘iompar go mímhacánta nó de mheon mímhacánta’?

An bhfuil Airteagal 487.1.4° den Texto Refundido de la Ley Concursal, arna leasú le Dlí 16/2022 an 5 Meán Fómhair i gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht), ós rud é go ndéantar foráil leis d’eisceacht in imeachtaí don dara deis le srian a chur ar urscaoileadh fiachais iomlán?

An bhfuil Airteagal 487.1.4° den Texto Refundido de la Ley Concursal, arna leasú le Dlí 16/2022 an 5 Meán Fómhair i gcomhréir le hAirteagal 20 agus aithris 79 de Threoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht), ós rud é nach bhforáiltear leis an riail náisiúnta do shainchás an fhéichiúnaí, lena leagtar amach eisceacht de chineál oibiachtúil, gan measúnú a bheith indéanta d’údaráis bhreithiúnacha na Spáinne ar imthosca suibiachtúla iarbhír an fhéichiúnaí a bhfuil rochtain aige ar imeachtaí an dara deis?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO L 172.