Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof (an Ghearmáin) a taisceadh an 9 Márta 2022 - Finanzamt Hamm v Harry Mensing

(Cás C-180/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesfinanzhof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Finanzamt Hamm

Freagróir: Harry Mensing

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    In imthosca ar nós na himthosca sna príomhimeachtaí, ina mbraitheann duine inchánach air, mar gheall ar an mbreithiúnas in Mensing1 go dtagann soláthar de shaothair ealaíne, a fuair sé roimhe sin i gcomhthéacs soláthar díolmhaithe laistigh den Chomhphobal ón gcruthaitheoir (nó a chomharbaí i dteideal), faoin scéim corrlaigh in Airteagal 311 et seq. de Threoir 2006/112/CE 2 freisin, an bhfuil an méid inchánach le cinneadh, i gcomhréir le mír 49 den bhreithiúnas sin, go heisiach ar bhonn dhlí an Aontais, ionas nach gceadaítear do chúirt náisiúnta foráil sa dlí náisiúnta a léirmhíniú (sa chás seo, an tríú habairt de fhomhír 3 de mhír 25a den Umsatzsteuergesetzes (“Dlí um Cháin Láimhdeachais”) sa chaoi is nach bhfuil an cháin atá dlite ar an bhfáil laistigh den Chomhphobal ina cuid den méid inchánach?

2.    Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1, an gcaithfear Airteagal 311 et seq. de Threoir 2006/112 a thuiscint, i gcás ina gcuirtear an scéim corrlaigh i bhfeidhm maidir le soláthair de shaothair ealaíne a fuarthas roimhe sin ón gcruthaitheoir (nó a chomharbaí i dteideal) laistigh den Chomhphobal, sa chaoi is go laghdaítear an corrlach brabúis leis an gcáin atá dlite ar an bhfáil laistigh den Chomhphobal nó an bhfuil lúb ar lár, nach raibh beartaithe, i ndlí an Aontais maidir leis sin nach féidir ach trí reachtas an Aontais, agus ní trí fhorbairt ar an gcásdlí, a chur ina ceart?

____________

1     Breithiúnas an 29 Samhain 2018 (C-264/17, EU:C:2018:968).

1     Treoir ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).