Language of document :

Caingean arna tabhairt an 30 Eanáir 2024 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht na Beilge

(Cás C-68/24)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: E. Schmidt agus F. van Schaik, Gníomhairí)

Cosantóir: Ríocht na Beilge

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a chinneadh gur mhainnigh Ríocht na Beilge sna hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 20(1) den Treoir sin, ós rud é nár ghlac sí na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle 1 (‘Treoir 2019/1158’) a chomhlíonadh nó, in aon chás, ós rud é nár chuir sí an Coimisiún ar an eolas faoi na forálacha sin láithreach;

a ordú do Ríocht na Beilge cnapshuim a íoc leis an gCoimisiún a fhreagraíonn don mhéid is airde as na méideanna seo:

a) EUR 3 360 in aghaidh an lae arna iolrú le líon na laethanta a raibh an sárú sin ag dul ar aghaidh, ón lá i ndiaidh dhul in éag na teorann ama don trasuí a leagtar síos i dTreoir 2019/1024 go dtí an lá ar tháinig deireadh leis an sárú, nó mura tháinig deireadh leis an sárú, an lá a fógraíodh an breithiúnas atá le tabhairt sa chás seo, de bhun Airteagal 260(3) CFAE; nó

b) cnapshuim EUR 2 352 000;

a chinneadh go n-ordaítear do Ríocht na Beilge íocaíocht phionósach a dhéanamh leis an gCoimisiún, i gcás ina bhfuil an mhainneachtain dá dtagraítear sa chéad fhleasc fós ann an lá a fhógraítear breithiúnas na Cúirte sa chás seo, de EUR 15 120 in aghaidh an lae ón lá a fhógraítear an breithiúnas seo go dtí an lá a bheidh na hoibleagáidí atá ar Ríocht na Beilge de bhun Threoir 2019/1158 comhlíonta go hiomlán aici;

a ordú do Ríocht na Beilge na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chuaigh an dáta chun Treoir 2019/1158 a thrasuí sa dlí náisiúnta in éag an 2 Lúnasa 2022.

Tá sé de chuspóir ag Treoir 2019/1158 creat dlí an Aontais a neartú agus comhionannas inscne a chur chun cinn trí íoscheanglais a leagan síos maidir le saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus saoire cúramóirí a áirithiú, mar aon le socruithe solúbtha d’oibrithe ar tuismitheoirí nó cúramóirí iad. I gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Treoir sin, bhí ar na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá a chur chun feidhme chun an Treoir sin a chomhlíonadh faoin 2 Lúnasa 2022 ar a dhéanaí agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Mhainnigh Ríocht na Beilge sna hoibleagáidí thuasluaite. An 21 Meán Fómhair 2022, sheol an Coimisiún fógra foirmiúil chuici ina leith sin. Is léir ón bhfreagairt ar an bhfógra foirmiúil sin go raibh na bearta riachtanacha fós le glacadh ag Ríocht na Beilge chun Treoir 2019/1158 a chomhlíonadh ina hiomláine. Ós rud é, tar éis tamaill, nach raibh na bearta is gá glactha fós nó, in aon chás, nár cuireadh in iúl dó gur trasuíodh an Treoir sin ina hiomláine, sheol an Coimisiún fógra réasúnaithe chuig Ríocht na Beilge an 19 Aibreán 2023. D’aithin Ríocht na Beilge, le litir an 19 Meitheamh 2023 mar fhreagra ar an bhfógra foirmiúil sin, nach ndearna sí Treoir 2019/1158 a thrasuí ina hiomláine laistigh den teorainn ama a tugadh agus chuir sí achoimre in iúl don Choimisiún ar na bearta a bhí fós le glacadh chun í a chomhlíonadh ina hiomláine.

Áitíonn an Coimisiún gur mhainnigh an Bheilg sna hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 20(1) de Threoir 2019/1158 na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a ghlacadh chun an Treoir sin a chomhlíonadh faoin 2 Lúnasa 2022 agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoin méid sin láithreach. Dá bhrí sin, comhlíontar na coinníollacha chun Airteagal 260(3) CFAE a chur i bhfeidhm.

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt a ordú do Ríocht na Beilge cnapshuim agus íocaíocht thréimhsiúil a íoc de bhun Airteagal 260(3) CFAE, a ndearna sí an méid a ríomh ar bhonn fógraí a bhaineann le pionóis airgeadais in imeachtaí um shárú 1 .

____________

1     IO 2019 L 188, lch. 79.

1     IO 2023 C 2, lch. 1.