Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Landesgerichts Korneuburg (an Ostair) arna taisceadh an 24 Eanáir 2022 - Austrian Airlines AG v TW

(Cás C-49/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landesgericht Korneuburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Austrian Airlines AG

Freagróir: TW

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An gcaithfear Airteagail 5(1)(a) agus 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 295/91 (an Rialachán maidir le cearta aerphaisinéirí) 1 a léirmhíniú sa chiall go bhfuil eitilt aisdúichithe arna hoibriú i bhfeidhmiú ghníomhaíocht cheannasach an Stáit le meas mar athródú freisin, faoi choinníollacha iompair comhchosúla, chuig an gceann scríbe deiridh – mar is gá a bheith á thairiscint ag an aeriompróir oibriúcháin i gcás cealú – sa chás nach féidir leis an aeriompróir oibriúcháin a shuíomh go bhfuil sé i dteideal de réir dlí an paisinéir a iompar ach gurbh fhéidir leis an paisinéir a chlárú chuige sin agus íoc as na costais agus, de bhun socrú conarthach leis an Stát, déanann sé an eitilt a oibriú faoi dheireadh leis an aerárthach céanna agus ag na huaireanta eitilte céanna agus atá sceidealaithe don eitilt a cuireadh ar ceal ar dtús?

2.    An gcaithfear Airteagal 8(1) den Rialachán maidir le cearta aerphaisinéirí a léirmhíniú sa chaoi gur féidir le paisinéir a chláraíonn é féin d’eitilt aisdúichithe mar a thuairiscítear i gCeist 1 agus a dhéanann ranníocaíocht leis na costais ar an Stát as an eitilt sin aisíocaíocht na gcostas sin a éileamh ón aeriompróir, a eascraíonn go díreach ón Rialachán maidir le cearta paisinéirí, fiú murar costais a bhaineann leis an eitilt amháin atá iontu?

____________

1 IO 2004 L 46, lch. 1.