Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Erfurt (an Ghearmáin) arna taisceadh an 18 Eanáir 2022 - XXX v Helvetia schweizerische Lebensversicherungs-AG

(Cás C-41/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Erfurt

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: XXX

Cosantóir: Helvetia schweizerische Lebensversicherungs-AG

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An gcuireann dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 15(1) de Threoir 90/619/CEE 1 , Airteagal 31 de Threoir 92/96/CEE 2 agus Airteagal 35(1) de Threoir 2002/83/CE 3 , arna léamh, más iomchuí, in éineacht le hAirteagal 38 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cosc ar reachtaíocht nó cásdlí náisiúnta faoina bhfuil ar an sealbhóir polasaí – tar éis dó an ceart aistarraingthe atá aige a fheidhmiú go dleathach – an dualgas ríomh na sochar a bhí ag an árachóir féin a léiriú agus a chruthú? Má cheadaítear go bhforchuirfí an dualgas léirithe agus cruthúnais sin sa chaoi sin, an gceanglaítear, faoi dhlí an Aontais, go háirithe prionsabal na héifeachtachta, go mbeidh an sealbhóir polasaí, mar gheall air sin, i dteideal cearta faisnéise nó cúnamh eile ón árachóir ionas go mbeidh sé in ann a chearta a fheidhmiú?

2.    Maidir le hárachóir nár thug aon fhaisnéis don sealbhóir polasaí nó nár thug ach faisnéis mhíchruinn dó maidir lena cheart aistarraingthe, an bhfuil cosc air, brath ar fhorghéilleadh, mí-úsáid ceart nó imeacht aimsire i gcoinne na gceart atá ag an sealbhóir polasaí, go háirithe a cheart aistarraingthe?

3.    Maidir le hárachóir nár thug aon fhaisnéis tomhaltóra don sealbhóir polasaí nó nár thug ach faisnéis tomhaltóra neamhiomlán nó mhíchruinn dó, an bhfuil cosc air brath ar fhorghéilleadh, mí-úsáid ceart nó imeacht aimsire i gcoinne na gceart atá ag an sealbhóir polasaí, go háirithe a cheart aistarraingthe?

____________

1     An dara Treoir ón gComhairle an 8 Samhain 1990 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach (árachas saoil), lena leagtar síos forálacha lena n-éascaítear feidhmiú éifeachtach na saoirse chun seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Treoir 79/267/CEE (IO 1990 L 330, lch. 50).

1     Treoir ón gComhairle an 10 Samhain 1992 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach (árachas saoil) agus lena leasaítear Treoracha 79/267/CEE agus 90/619/CEE (an tríú Treoir maidir le hárachas saoil) (IO 1992 L 360, lch. 1).

1     Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le hárachas saoil (IO 2002 L 345, lch. 1).