Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir) arna taisceadh an 22 Feabhra 2022 – Balgarska telekomunikatsionna kompania EAD v Direktor na Direktsia ‘Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika’ Sóifia

(Cás C-127/22)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Balgarska telekomunikatsionna kompania EAD

Freagróir: Direktor na Direktsia ‘Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika’ Sóifia

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 185(1) de Threoir 2006/112/CE 1 le léirmhíniú sa chaoi, sa chás go ndéantar earraí a dhíscríobh, sa chiall go ndéantar sócmhainní nó fardail a dhí-aithint ar ráiteas staide airgeadais an duine inchánaigh toisc nach rabhthas ag súil leis go mbeadh aon tairbhe eacnamaíoch ag baint leo a thuilleadh, mar shampla toisc go bhfuil siad caite, lochtach nó mí-oiriúnach nó nach féidir iad a úsáid chun na críche dá bhfuil siad beartaithe, gur athrú é sin sna fachtóirí a úsáidtear chun an méid atá le hasbhaint i dtaca le CBL a íocadh cheana tráth a ceannaíodh na hearraí, a thala nuair a rinneadh an tuairisceán CBL i gcomhréir leis an Zakon za danak varhu dobavenata stoinost (Dlí ar cháin bhreisluacha, “ZDDS”) agus óna n-eascraíonn oibleagáid chun an asbhaint a choigeartú más rud é go ndearnadh na hearraí a díscríobhadh a dhíol ina dhiaidh sin mar earraí a liostaítear in Iarscríbhinn 2, ar soláthar inchánach é?

An bhfuil Airteagal 185(1) de Threoir 2006/112/CE le léirimhíniú sa chaoi, sa chás go ndéantar earraí a dhíscríobh, sa chiall go ndéantar sócmhainní nó fardail a dhí-aithint ar ráiteas staide airgeadais an duine inchánaigh toisc nach rabhthas ag súil leis go mbeadh aon tairbhe eacnamaíoch ag baint leo a thuilleadh, mar shampla toisc go bhfuil siad caite, lochtach nó mí-oiriúnach nó nach féidir iad a úsáid chun na críche dá bhfuil siad beartaithe, gur athrú é sin sna fachtóirí a úsáidtear chun an méid atá le hasbhaint i dtaca le CBL a íocadh cheana nuair a ceannaíodh na hearraí, a tharla nuair a rinneadh an tuairisceán CBL i gcomhréir leis an Zakon za danak varhu dobavenata stoinost (Dlí ar cháin bhreisluacha, “ZDDS”) agus óna n-eascraíonn oibleagáid chun an asbhaint a choigeartú más rud é go ndearnadh na hearraí a díscríobhadh a scriosadh nó a dhiúscairt agus gur féidir an fíoras sin a chruthú nó a dheimhniú go cuí?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1 nó Ceist 2 nó má thugtar freagra dearfach ar an dá cheist, an bhfuil Airteagal 185(2) de Threoir 2006/112/CE le léirimhíniú sa chaoi, sa chás go ndéantar earraí a dhíscríobh faoi na cúinsí thuasluaite, gur cás cruthaithe nó deimhnithe de scriosadh earraí nó de chaillteanas earraí, lena mbaineann oibleagáid chun an asbhaint a choigeartú don CBL a íocadh nuair a fuarthas na hearraí?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1 nó Ceist 2 nó má thugtar freagra dearfach ar an dá cheist, an bhfuil Airteagal 185(2) de Threoir 2006/112/CE le léirmhíniú sa chaoi, sa chás go ndéantar na hearraí a dhíscríobh sna cúinsí thuasluaite, gur cás cruthaithe nó deimhnithe de scriosadh earraí nó de chaillteanas earraí, óna n-eascraíonn an oibleagáid chun an asbhaint a choigeartú i dtaca leis an CBL a íocadh nuair a fuarthas na hearraí?

Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 1 nó Ceist 2, an gcuirtear cosc le hAirteagal 185(1) de Threoir 2006/112/CE ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Airteagal 79(3) de ZDDS sa leagan a bhí infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2016, nó Airteagal 79(1) de ZDDS sa leagan a bhí infheidhme go dtí an 1 Eanáir 2017, lena gceanglaítear an asbhaint a choigeartú sa chás go ndéantar earraí a dhíscríobh, fiú má dhíoltar na hearraí ina dhiaidh sin mar sholáthar inchánach earraí de réir bhrí Iarscríbhinn 2 nó má dhéantar iad a scriosadh nó a dhiúscairt agus go bhfuil an fíoras sin cruthaithe nó deimhnithe mar is cuí?

____________

1 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).