Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Bealtaine 2024 – Russian Direct Investment Fund v an Chomhairle

(Cás T-235/22) 1

(An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh maidir le gníomhaíochtaí na Rúise chun an staid san Úcráin a dhíchobhsú – Toirmeasc ar infheistiú, páirt a ghlacadh nó rannchuidiú ar bhealach eile i dtionscadail arna gcómhaoiniú ag an iarratasóir – Dlínse na Cúirte Ginearálta – Caingean le haghaidh neamhniú – Locus standi – Do-ghlacthacht – Pléadáil neamhdhleathachta – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Cearta na cosanta – Saoirse fiontraíochta – Comhréireacht)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Russian Direct Investment Fund (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: K. Scordis agus A. Gavrielides, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Antoniadis agus M. Bishop, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gCosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J.-F. Brakeland, C. Giolito agus M. Carpus Carcea, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/346 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 63, lch. 5), agus, ar an dara dul síos, Rialachán (AE) 2022/345 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 63, lch. 1), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis ar fionraí oibriú.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Russian Direct Investment Fund a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, a íoc.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 237, 20.6.2022.