Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) an 10 Deireadh Fómahir 2022 – AB Volvo v Transsaqui S.L.

(Cás C-632/22)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Supremo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: AB Volvo

Cosantóir: Transsaqui S.L.

Na ceisteanna a tharchuirtear

1. Sna himthosca maidir leis an dlíthíocht a bhaineann leis an gcairtéal trucailí a chuirtear síos orthu san ordú seo, an bhféadfar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le hAirteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi go meastar go ndearnadh seirbheáil próise ar mháthairchuideachta ar tógadh caingean ina coinne le haghaidh cúitimh as damáiste a rinneadh mar gheall ar chleachtas sriantach trádála go ceart, nuair a rinneadh an seirbheáil sin (nó nuair a rinneadh iarracht é a dhéanamh) ag áit ghnó na fochuideachta atá lonnaithe sa Stát inar tionscnaíodh na himeachtaí cúirte, agus nár tháinig an mháthairchuideachta, atá lonnaithe i mBallstát eile, os comhair na cúirte sna himeachtaí agus gur lean sí ag déanamh mainneachtana?

2. I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gceist roimhe seo, an bhfuil an léiriú sin ar Airteagal 47 den Chairt i gcomhréir le hAirteagal 53 den Chairt, i bhfianaise cásdlí Tribunal Constitucional na Spáinne (an Chúirt Bhunreachtúil) maidir le seirbheáil próise ar mháthairchuideachtaí atá lonnnaithe i mBallstát eile i ndíospóidí maidir leis an gcairtéal trucailí?

____________