Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 29 Márta 2022 - Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl

(Cás C-222/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl

Páirtí leasmhar: JF

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 5(3) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i ndáil le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar (athmhúnlú) 1 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear bac ar fhoráil Bhallstáit ar dá réir nach dtugtar, de ghnáth, an stádas mar dhuine i dteideal tearmainn do náisiúnach eachtrach a chuireann isteach athiarratas nuair atá an baol géarleanúna bunaithe ar imthosca a chruthaigh an náisiúnach eachtrach féin tar éis dó a thír thionscnaimh a fhágáil, ach amháin i gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí a cheadaítear san Ostair i gceist agus má chruthaítear ina leith gurb ionann iad agus léiriú agus leanúint d’áitiúis a bhí aige cheana sa thír thionscnaimh?

____________

1 IO 2011 L 337, lch. 9.