Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Aibreán 2024 – Romagnoli Fratelli v OCVV (Melrose)
(Cás T-2/23) 1
(Cineálacha plandaí – Ceart Chomhphobail maidir le cineálacha plandaí a dheonú i gcás cineáil práta Melrose – Mainneachtain táille bhliantúil a íoc in am – Cealú cosanta – Iarraidh ar aisíoc iomlán – Coinníollacha maidir le cinntí agus teachtaireachtaí an CPVO a fhógairt)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Romagnoli Fratelli SpA (Bologna, an Iodáil) (ionadaithe: E. Truffo agus A. Iurato, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Oifig Comhphobail um Chineálacha Plandaí (ionadaithe: M. García-Moncó Fuente agus Á. Martínez López, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón Oifig Comhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO) an 7 Samhain 2022 ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear an chaingean.
Ordaítear do Romagnoli Fratelli SpA na costais a íoc.
____________
1 IO C 71, 27.2.2023.