Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Aibreán 2024 – An Rómáin v an Coimisiún
(Cás T-49/22) 1
(CERT agus CETFT – Caiteachas atá eisiata ó mhaoiniú – Caiteachas arna thabhú ag an Rómáin – Easnaimh sna seiceálacha riaracháin – Forluí idir dhá shuirbhé – Airteagal 34(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 – Talamh branair agus féarthailte sealadacha – Airteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Comhréireacht – Earráid mheasúnaithe)
Teanga an cháis: an Rómáinis
Páirtithe
Iarratasóir: An Rómáin (ionadaithe: E. Gane, L.-E Batagoi, O.-C Ichim agus R. Antonie, Gníomhairí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Biolan, A. Sauka agus J. Aquilina, Gníomhairí)
Ábhar
Lena caingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an Rómáin go gcuirfí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2020 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021, lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2021 L 413, lch. 10), a mhéid a bhaineann an Cinneadh sin le caiteachas a líomhnaítear a thabhaigh an Ballstát sin faoi CERT agus CETFT le linn na mblianta airgeadais 2018 agus 2019 arb ionann é agus EUR 178 320 110.85 ar neamhní go páirteach.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear don chaingean.
Ordaítear don Rómáin a cuid costais féin a íoc.
____________
1 IO C 138, 28.3.2022