Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 27 Meitheamh 2024 ag Ideella föreningen Svenska Bankföreningen med firma Svenska Bankföreningen, Näringsverksamhet i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra meadaithe) a tugadh an 17 Aibreán 2024 i gCás T-112/22, Svenska Bankföreningen agus Länsförsäkringar Bank v an Coimisiún

(Cás C-459/24 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Ideella föreningen Svenska Bankföreningen med firma Svenska Bankföreningen, Näringsverksamhet (ionadaithe: P. Hansson, M. Eriksson, M. Persson, advokater)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Länsförsäkringar Bank AB, an Coimisiún Eorpach, Ríocht na Sualainne

An t-ordú atá ar lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chur ar ceal;

breithiúnas críochnaitheach a thabhairt sna himeachtaí seo nó, más gá, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun rialú a fháil ar na saincheisteanna dlí nár scrúdaíodh fós; agus

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí sa dá chás a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí i gcur i bhfeidhm Airteagal 107(1) CFAE agus an cuspóir á chinneadh

Sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 107(1) CFAE nuair a rinne sí measúnú agus cinneadh ar chuspóir na cánach riosca chun cáin a ghearradh ar ‘institiúidí creidmheasa lena mbaineann riosca sistéamach’ ós rud é nach gcomhlíonann sí an cuspóir a chuir an tSualainn i láthair sa phróiseas reachtach, arbh é cáin a ghearradh ar institiúidí creidmheasa móra ina ionad sin.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí agus Airteagail 107 agus 108 CFAE á gcur i bhfeidhm gan aon deacrachtaí tromchúiseacha a aimsiú

Leis an dara saincheist dlí, éilíonn an t-achomharcóir gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagail 107(1) agus 108(2) agus (3) CFAE, agus Airteagal 4(2) agus (4) de Rialachán 2015/15891 nuair a chinn sí nach raibh deacrachtaí tromchúiseacha ag an gCoimisiún agus measúnú á dhéanamh aige (i) ar an gcuspóir, (ii) ar gach ceann de ghnéithe an chórais tagartha agus (iii) ar aon mhaolú ar an gcóras tagartha. Ar an gcéad dul síos, maidir leis an gcuspóir, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a tháinig sí ar chonclúid in ainneoin fhoclaíocht dhoiléir agus theimhneach an chuspóra nach raibh deacrachtaí tromchúiseacha ag an gCoimisiún ina mheasúnú ar an gcuspóir sin.

Ar an dara dul síos, fiú má mheasann an Chúirt Bhreithiúnais gur chinn an Chúirt Ghinearálta an cuspóir i gceart agus nach raibh aon deacrachtaí tromchúiseacha ann ina leith sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus gnéithe den chóras tagartha á scrúdú aici: (i) An bonn cánach ós rud é nach dtomhaiseann dliteanais ‘riosca sistéamach’, rud ba léir san fhaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún, (ii) na daoine atá faoi dhliteanas an cháin a íoc, ós rud é gur léirigh an fhaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún agus a chinneadh á ghlacadh aige an neamhleanúnachas idir na daoine atá faoi dhliteanas na cánach riosca agus cuspóir na cánach agus (iii) an tairseach ós rud é gur léirigh an fhaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún agus a chinneadh á ghlacadh aige nach ndearnadh rogha na tairsí a choigeartú go maith chun institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a ghabháil.

Ar an tríú dul síos, maidir leis an méid a luadh roimhe seo, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, nuair a rinne sí measúnú agus cinneadh nár cheart go mbeadh amhras ar an gCoimisiún an raibh institiúidí creidmheasa os cionn agus faoi bhun na tairsí i staid inchomparáide fhíorasach agus dhlíthiúil.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua

Sháraigh an Chúirt Ghinearálta a hoibleagáid cúiseanna a lua nuair a mhaígh sí nár léirigh na hiarratasóirí ag an gcéad chéim go mbeadh riosca sistéamach ag baint le mainneachtain na n-institiúidí creidmheasa sin nach bhfuil faoi réir cánach, cé gur chuir na hiarratasóirí ag an gcéad chéim argóint den sórt sin chun cinn, argóint nach ndearna an Chúirt Ghinearálta measúnú uirthi. Thairis sin, bhain an Chúirt Ghinearálta míthuiscint as an argóint a chuir na hiarratasóirí chun cinn ag an gcéad chéim, agus ar deireadh, ós rud é gur chinn an Chúirt Ghinearálta an cuspóir mícheart, theip ar an gCúirt Ghinearálta measúnú ceart a dhéanamh ar roinnt argóintí a chuir na hiarratasóirí chun cinn.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear saobhadh fíricí agus fianaise

Ar deireadh, rinne an Chúirt Ghinearálta fíricí agus fianaise a shaobhadh nuair a chinn sí cuspóir na cánach os rud é nár tháinig an sainchuspóir chun cinn ón dréachtbhille.

____________

1 Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO 2015 L 248, lch. 9).