Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 5 Feabhra 2024 – Ferreira de Macedo Silva v Frontex

(Cás T-595/22) 1

(Státseirbhís – Comhaltaí den fhoireann shealadach – Foireann Frontex – Briseadh as post roimh dheireadh na tréimhse promhaidh – Neamhdhóthanacht fhollasach – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Carlos Miguel Ferreira de Macedo Silva (Cercal do Alentejo, an Phortaingéíl) (ionadaí: L. Cosme Nunes Rolo, Dlíodóir)

Cosantóir: Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) (ionadaithe: S. Karkala agus W. Szmidt, Gníomhairí, agus ag B. Wägenbaur, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar thaobh amháin, go gcuirfí an cinneadh ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) an 29 Lúnasa 2022 lena ndéantar a chonradh mar chomhalta den fhoireann shealadach a fhoirceannadh roimh dheireadh na tréimhse promhaidh ar neamhní agus, ar an taobh eile, cúiteamh as an damáiste a mhaíonn sé a bhain dó dá bharr.

An chuid oibríochtúil

1)    Díbhtear don chaingean toisc í a bheith gan bhunús sa dlí go follasach.

2)    Ordaítear do Carlos Miguel Ferreira de Macedo Silva a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta um fhaoiseamh eatramhach, a íoc.

.

____________

1 IO C 35, 30.1.2023.