Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Cour d’appel de Bruxelles (an Bheilg) a taisceadh an 23 Deireadh Fómhair 2023 – Electrabel SA agus páirtithe eile v Commission de Régulation de l’Electricité et du Gaz (CREG)

(Cás C-633/23, Electrabel agus páirtithe eile)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour d’appel de Bruxelles

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Electrabel agus páirtithe eile

Cosantóir: Commission de Régulation de l’Electricité et du Gaz (CREG)

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagail 6, 7 agus 8 de Rialachán 2022/1854 1 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(5) agus (9), i bhfianaise a aithrisí ina iomláine agus i gcomhar go háirithe le hAirteagal 288 CFAE agus Airteagal 6 CAE, a léiriú sa chaoi go cuirtear cosc leo ar chur i bhfeidhm bearta náisiúnta, amhail na cinn in Airteagal 22b den Acht Leictreachais, go háirithe an dara fomhír de mhír 5 de,, lena bhforáiltear nach mór an uasteorainn a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán a léiriú mar thobhach ar bharrachas ioncaim táirgeoirí cumhachta, ina mbunaítear nádúr barrachais an ioncaim i leith an uasteorainn ar ioncaim mhargaidh, i gcás roinnt gléasraí, ar bhonn toimhdí neamh-infhrisnéise lena ríomhtar fáltais theoiriciúla (féach pointí 1 agus 2 den dara fomhír d’Airteagail 22b(5) den Acht Leictreachais), lena gcuirtear cosc ar féichiúnaithe an tobhaigh a dhearbhú agus a mheasúnú ar bhonn a n- ioncaim iarbhír?

An gcaithfear Airteagail 6, 7 agus 8 de Rialachán 2022/1854 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(5) agus (9), i bhfianaise a aithrisí ina iomláine agus i gcomhar go háirithe le hAirteagal 288 CFAE agus Airteagal 6 CAE, agus i gcomhar le prionsabal na comhréireachta, a léiriú sa chaoi go cuirtear cosc leo ar chur i bhfeidhm bearta náisiúnta, amhail na cinn in Airteagal 22b den Acht Leictreachais, go háirithe an dara fomhír de mhír 5 de, , lena bhforáiltear nach mór an uasteorainn a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán a léiriú mar thobhach ar bharrachas ioncaim táirgeoirí cumhachta ina mbunaítear nádúr barrachais an ioncaim i leith an uasteorainn ar ioncaim mhargaidh, i gcás roinnt gléasraí (féach pointí 2, 3, 4, 5, agus 6 den dara fomhír d’Airteagail 22b(5)) ar bhonn toimhdí a chuirtear i láthair mar toimhdí infhrisnéise, ach ní fhéadtar a fhrisnéis ach amháin, ar an gcéad dul síos, trí údar cuí a thabhairt ar a n-ioncaim iarbhír dá suiteálacha go léir, lena n-áirítear a suiteálacha nach dtagann faoi raon feidhme an rialacháin, agus ar an dara dul síos, trí úsáid a bhaint as toimhdí áirithe, lena gcuirtear cosc ar féichiúnaithe an tobhaigh a dhearbhú agus a mheasúnú ar bhonn a n-ioncaim iarbhír?

An gcaithfear Airteagail 6, 7, 8 agus 22 de Rialachán 2022/1854 arna léamh i gcomhar le prionsabail thosaíocht agus éifeachtacht dhlí an Aontais agus prionsabal an chomhair dhílis (Airteagal 4(3) CAE) agus go háirithe i gcomhar le hAirteagal 288 CFAE, i bhfianaise a aithrisí, a léiriú sa chaoi go cuirtear cosc leo ar chur i bhfeidhm bearta náisiúnta a rinneadh tar éis don Rialachán sin teacht i bhfeidhm, amhail Airteagal 22b(1) den Acht Leictreachais arna chur isteach le Dlí an 16 Nollaig 2022, lena gcuirtear córas teorannaithe d’ioncaim mhargaidh de chuid tairgeoirí cumhachta ar fáil ó dháta a thagann roimh 1 Nollaig 2022, amhail an 1 Lúnasa 2022.

____________

1     Rialachán 2022/1854/AE ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO 2022 L 261, lch. 1).