Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Corte di appello di Napoli (an Iodáil) a taisceadh an 26 Meán Fómhair 2023 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh EDS

(Cás C-595/23 Cuprea1 )

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte di appello di Napoli

Páirtithe sna príomhimeachtaí

EDS

Na ceisteanna a tharchuirtear

Iarrtar ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a dhearbhú nach mór na forálacha comhcheangailte seo a leanas:

•    Airteagal 4(6) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 1 ;

•    Airteagal 22(1) agus Airteagal 25 de Chinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 1 ;

•    Airteagail 24, 25 agus 26 agus Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 1 ;

•    Aithris 46 de Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018;

a léiriú sa chiall seo a leanas:

i gcás inar dhiúltaigh an Stát forghníomhaitheach an duine a thabhairt suas, arna iarradh ag an Stát eisiúna trí bharántas gabhála Eorpach arna eisiúint chun ciontú coiriúil a fhorghníomhú, agus go bhfuil an breithiúnas aitheanta aige agus gur ordaigh sé forghníomhú na pianbhreithe ar a chríoch i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, agus go bhfuil tús curtha leis an bhforghníomhú, tá sé d’oibleagáid ar an     Stát eisiúna an foláireamh atá iontráilte in CFS a scriosadh agus an barántas gabhála Eorpach a urscaoileadh;

go dtí go gcuirfidh an Stát eisiúna deireadh leis an bhfoláireamh agus go léirscriosfaidh sé é, beidh sé de chumhacht ag údarás breithiúnach an Stáit fhorghníomhaithigh a iarraidh ar Bhiúró SIRENE an Bhallstáit eisiúna an foláireamh a scriosadh as CFS, agus beidh sé d’oibleagáid ar Bhiúró SIRENE déanamh amhlaidh.

____________

1     Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     Cinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit – Ráitis arna ndéanamh ag Ballstáit áirithe maidir le glacadh an Chinnidh Réime (IO 2002 L 190, lch. 1).

1     Cinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla lena bhforchuirtear pianbhreitheanna coimeádta nó bearta a bhaineann le cailleadh saoirse chun iad a fhorfheidhmiú san Aontas Eorpach (IO 2008 L 327, lch. 27).

1     Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (CFS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO 2018 L 312, lch. 56).