Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Lietuvos Aukščiausiasis Teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 1 Feabhra 2024 – ‘EM SYSTEM’ UAB v SEB bankas AB, Citadele banka’ Lietuvos filialas AS

(Cás C-84/24, EM SYSTEM)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos Aukščiausiasis Teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: ‘EM SYSTEM’ UAB

Cosantóirí ar phointe dlí: SEB bankas AB, ‘Citadele banka’Lietuvos filialas AS

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 2(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 765/2006 1 a léiriú sa chaoi, i gcás ina suitear gur le duine a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán 50% go díreach de na scaireanna i gcuideachta, go dtoimhdítear go bhfuil cistí na cuideachta faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú an eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán?

In imeachtaí os comhair cúirt náisiúnta, amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí, i gcás ina bhfuil cuideachta a bhfuil a cistí reoite toisc go bhfuil 50 % díreach dá scaireanna i seilbh duine atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 765/2006, an féidir agóid a dhéanamh in aghaidh chinneadh an bhainc a chistí a reo ar bhonn na hargóinte nach bhfuil cistí na cuideachta á n-úsáid ag duine atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin ná nach bhfuil siad á n-úsáid chun tairbhe an duine sin?

Má tá freagra dearfach ar an dara ceist, cad iad na critéir nach mór a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh in imeachtaí den sórt sin os comhair cúirt náisiúnta chun a chinneadh an bhfuil na cistí á n-úsáid ag duine a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 765/2006 nó chun tairbhe an duine sin? Maidir le himthosca amhail (1) sócmhainní na cuideachta a dheighilt ó shócmhainní a scairshealbhóirí, (2) ceann na cuideachta (seachas duine a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán) a bheith ag gníomhú thar ceann na cuideachta, agus (3) an fíoras nach ndeonaítear rochtain ar chuntais bhainc na cuideachta ach do cheann na cuideachta, an bhféadfaí a mheas go gcuirtear cosc ar úsáid chistí na cuideachta chun tairbhe duine a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán arb é 50 % go díreach a scairshealbhú sa chuideachta?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Uachtarán Lukashenko agus oifigigh áirithe de chuid na Bealarúise (IO 2006 L 134, 2006, lch. 1).