Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Pierre Balmain v EUIPOStory Time (Léiriú ar cheann leoin atá ciorclaithe ag fáinní atá ina slabhra)

(Cás T-564/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh lena léirítear ceann leoin atá ciorclaithe ag fáinní atá ina slabhra – Marc fíortha náisiúnta níos luaithe lena léirítear ceann leoin atá ciorclaithe ag poncanna – Foras coibhneasta le diúltú – Sainiúlacht an mhairc níos luaithe – Easpa riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Pierre Balmain (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: J. M. Iglesias Monravá agus S. Mainar Roger, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO: Story Time sp. z o.o. (Poznań, an Pholainn)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Meitheamh 2022 (Cás R 96/2022-4) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.    Déantar an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Meitheamh 2022 (Cás R 96/2022-4) a chur ar neamhní.

2.    Ordaítear do EUIPO a chostais féin agus na costais a thabhaigh Pierre Balmain a íoc.

____________

1     IO C 424, 7.11.2022.