Language of document :

Achomharc arna tabhairt an 11 Samhain 2022 ag Helsingin Bussiliikenne Oy i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (Séú Dlísheomra, méadaithe) a tugadh an 14 Meán Fómhair 2022 i gCás T-603/19: Helsingin Bussiliikenne Oy v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-697/22 P)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

Páirtithe

Achomharcóir: Helsingin Bussiliikenne Oy (ionadaithe: O. Hyvönen agus N. Rosenlund, Dlíodóirí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Poblacht na Fionlainne, Nobina Oy agus Nobina AB

An t-ordú atá á lorg

breithiúnas an 14 Meán Fómhair 2022, Helsingin Bussiliikenne v an Coimisiún, T-603/19, EU:T:2022:5551 , a chur ar neamhní;

a sheasamh go hiomlán leis an iarratas atá á déanamh ag an achomharcóir os comhair na Cúirte Ginearálta, ar na cúiseanna atá leagtha amach san achomharc; agus

a ordú don Choimisiún na costais arna dtabhú ag Helsingin Bussiliikenne Oy sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus na Cúirte Breithiúnais a íoc, mar aon le hús ar an ráta reachtúil.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

I gCás 603/19, sháraigh an Chúirt Ghinearálta dlí an Aontais agus rinne sí earráid sa dlí agus í ag diúltú don chaingean a thionscain Helsingin Bussiliikenne Oy.

An fhoras achomhairc, lena n-éilítear sárú ar cheanglais maidir le nós imeachta, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid toisc gur glacadh an reachtaíocht atá faoi chonspóid trí chearta nós imeachta an iarratasóra a shárú.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid freisin sa cheathrú foras achomhairc, a mhéid a mbaineann sé sin le prionsabal na comhréireachta.

Tá breithiúnas na Cúirte Ginearálta contrártha d’Airteagal 108(2) CFAE agus d’Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle1 agus sáraítear leis bunphrionsabail dhlí an Aontais, eadhon an ceart atá ag duine éisteacht a fháil ina chás féin agus prionsabal na comhréireachta.

Ina achomharc, maíonn an t-achomharcóir gur ceart bunúsach é an ceart chun éisteacht a fháil i nós imeachta riaracháin. Is éard atá i gceist le mainneachtain an deis a thabhairt don pháirtí ábhartha éisteacht a fháil sula nglactar cinneadh atá contrártha lena leasanna, ná sárú ar chearta nós imeachta.

Chomh maith leis sin maíonn an t-iarratasóir gurb éard atá i gceist le ró-aisghabháil ná beart ag teacht salach ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chuspóir an téarnaimh. I gcás ina bhfuil an aisghabháil dírithe ar thairbhí aistriú gnó, ní mór i gcónaí fáil amach cá mhéid a fhéadfaidh sé tairbhe a bhaint fós as an státchabhair atá faoi chosc, is é sin le rá, ní mór méid an bhuntáiste a aistreofar a ríomh.

____________

1     EU:T:2022:555.

1     Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle, an 13 Iúil 2015, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (códú) (IO 2015, L 248, lch. 9).