Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Nollaig 2023 – Glonatech v REA

(Cás T-409/22)1

(Clásal eadrána – An Seachtú Clár Réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007-2013) – Comhaontú deontais – Tionscadal SANAD – Costais foirne – Dualgas cruthúnais – Costais incháilithe – Iarraidh ar aisghabháil – Nóta dochair – Frithéileamh)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Global Nanotechnologies AE schediasmou anaptyxis paraskevis kai emporias ylikon nanotechnologias (Glonatech) (Lamía, an Ghréig) (ionadaí: N. Scandamis, Dlíodóir)

Cosantóir: An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde (ionadaithe: S. Payan-Lagrou agus V. Canetti, Gníomhairí, le cúnamh ó M. Le Berre, Dlíodóir)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 272 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, dearbhú gur chomhlíon sé a oibleagáidí conarthacha i gceart agus go bhfuil sé i dteideal go hiomlán íocaíocht na gcostas arna n-éileamh le haghaidh an tionscadail ‘Synthesis of Advanced top Nano-coatings with improved Aerodynamic and De-icing behavior’ (SANAD) agus, ar an dara dul síos, nóta dochair Uimh. 3242113938 an 22 Nollaig 2021 a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Seastar le frithéileamh na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Thaighde (REA).

Ordaítear do Global Nanotechnologies AE schediasmou anaptyxis paraskevis kai emporias ylikon nanotechnologias (Glonatech) chun an phríomhshuim EUR 202 883.48 arna héileamh ag REA mar chuid den fhrithéileamh a íoc le REA.

Ordaítear do Glonatech na costais a íoc.

____________

1     IO C 389, 10.10.2022.