Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 12 Iúil 2022 ag Airoldi Metalli SpA i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 2 Bealtaine 2022 i gCás T-328/21, Airoldi Metalli v an Coimisiún

(Cás C-467/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Airoldi Metalli SpA (ionadaithe: M. Campa, M. Pirovano, V. Villante, D. Rovetta, avvocati, agus P. Gjørtler, advokat)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an t-ordú atá faoi achomharc a chur ar ceal agus a dhearbhú go bhfuil an chaingean arna thionscnamh ag Airoldi Metalli SpA inghlactha;

an cás a tharchur ar ais chun na Cúirte Ginearálta chun substaint chaingean Airoldi Metalli SpA a scrúdú;

a ordú don Choimisiún costais an achomhairc seo agus na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an t-achomharcóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí. Earráid dlí maidir le léiriú na habairte deireanaí d’Airteagal 263(4) CFAE agus cheanglas agus choincheap an ghnímh rialúcháin nach bhfuil bearta cur chun feidhme i gceist leis. Cáiliú mícheart ar na fíoras agus saobhadh fianaise.

An dara saincheist dlí. Earráid dlí in Airteagal 263(4) CFAE a léiriú, agus go háirithe an ceanglas maidir le “cúram díreach agus leithleach”. Cáiliú mícheart ar na fíoras.

____________