Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 25 Eanáir 2024 – CN v Cofidis Magyarországi Fióktelepe

(Cás C-47/24, Cofidis Magyarországi Fióktelepe)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CN

Cosantóir: Cofidis Magyarországi Fióktelepe

Na ceisteanna a tharchuirtear:

Chun na cuspóirí arna leagan amach i dTreoir 93/13/CE a chomhlíonadh ina n-iomláine, an gá, i gcomhthéacs ordú a thabhairt agus measúnú a dhéanamh air mar chuid d’imeachtaí forghníomhaithe, an gá don chúirt nó d’fhoirmíocht na cúirte, ar an gcéad dul síos, a dhearbhú, de réir na mbreithiúnas i gCásanna C-472/11 1 agus C-397/11, 2 gurb éagórach go follasach na téarmaí conarthacha is bun leis an mbreithiúnas atá le forghníomhú, lena n-áirítear na téarmaí maidir le príomhábhar an chonartha, i gcás ina dtugann sí an méid sin faoi deara as a stuaim féin agus, ar an dara dul síos, ina gcuireann sí é sin in iúl don fhéichiúnaí (an tomhaltóir), agus ina n-iarrtar air ar mhian leis go ndéanfaí iarmhairtí dlí an téarma chonarthaigh éagóraigh a mheas agus, más mian, a iarraidh ar an iarratasóir ar fhorghníomhú méid an téarma chonarthaigh éagóraigh, ar faoina réir atá an tomhaltóir, a bhaint óna éileamh agus fógra a thabhairt d’fhorghníomhóir na cúirte ina leith sin?

Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist, chun na cuspóirí arna leagan amach i dTreoir 93/13/CE a chomhlíonadh, an gá a shoiléiriú chomh maith an féidir idirdhealú a dhéanamh idir imeachtaí forghníomhaithe de réir cé acu trí ordú forghníomhaithe faoi Airteagal 15(1) de Dhlí LIII na hUngáire nó leis an gclásal forghníomhaithe faoi Airteagal 23/C de a ordaítear an forghníomhú?

I bhfianaise an mhéid mhóir imeachtaí forghníomhaithe den sórt seo atá ar feitheamh faoi láthair san Ungáir, an gá don reachtas idirghabháil a dhéanamh d’fhonn leasanna an tomhaltóra a chosaint ar dhochar agus d’fhonn iad a chúiteamh a luaithe agus a dhéantar an dochar dóibh trí théarmaí chonarthacha éagóracha, ionas nach bhfuil na tomhaltóirí, d’fhonn díolúine a bheith acu ó iarmhairtí a leithéide d’imeachtaí forghníomhaithe, ar iocht athbhreithniú breithiúnach féideartha ar bheart forghníomhaithe agus, dá dheasca sin, ag éagóracht téarma chonarthaigh?

____________

1 Breithiúnas an 21 Feabhra 2013, Banif Plus Bank (C-472/11, EU:C:2013:88).

1 Breithiúnas an 30 Bealtaine 2013, Jőrös (C-397/11, EU:C:2013:340).