Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Nollaig 2023 – TB v ENISA

(Cás T-511/21) 1

(An tseirbhís shibhialta – Baill foirne shealadacha – Atheagrú ENISA – Cinneadh chun conradh ar théarma seasta a athnuachan – Sannadh chun feidhmeanna neamh-bhainistíochta a chomhlíonadh – Neamhniú páirteach – Neamh-inscartha – Easpa gníomh le díospóid – Do-ghlacthacht )

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: TB (ionadaithe: L. Levi agus N. Flandin, Dlíodóirí)

Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ionadaithe: I. Taurina, G. Pappa agus C. Chalanouli, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)

Ábhar

Lena caingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) maidir lena conradh oibre a athnuachan, lena n-athshanntar í do phost neamh-bhainistíochta, mar a cuireadh ar bhonn foirmiúil le leasú ar an gconradh sin a fuarthas an 13 Deireadh Fómhair 2020 agus le síniú ar an leasú sin arna dhátú an 26 Deireadh Fómhair 2020. Ar an dara dul síos, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, a mhéad is gá, an cinneadh ó ENISA an 12 Bealtaine 2021 lenar dhiúltaigh Bord Bainistíochta ENISA dá gearán a comhdaíodh an 12 Eanáir 2021 i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid. Ar an tríú dul síos, iarrann an t-iarratasóir cúiteamh as an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a bhain di mar thoradh ar ghlacadh na gcinntí sin.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha.

Ordaítear do TB na costais a íoc.

____________

1     IO C 481, 29.11.2021.