Ordú na Cúirte Ginearálta an 13 Nollaig 2023 – Hamoudi v Frontex
(Cás T-136/22) 1
( Dliteanas neamhchonarthach – Rialachán (AE) 2019/1896 – Oibleagáidí Frontex maidir le cosaint na gceart bunúsach – Díobháil iarbhír agus áirithe – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach )
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Alaa Hamoudi (an Tuirc) (ionadaí: F. Gatta, Dlíodóir)
Cosantóir: an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (ionadaithe: H. Caniard, W. Szmidt agus R.-A. Popa, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)
Ábhar
Lena caingean de bhun Airteagal 268 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cúiteamh ar an damáiste a bhain dó mar thoradh ar sháruithe ar dhlí an Aontais Eorpaigh arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) maidir leis an díobháil a bhain dó de thoradh ar na bearta a maíodh a ghlac na húdaráis Ghréagacha.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear don iarratasóir na costais a íoc.
____________
1 IO C 198, 16.5.2022