Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2023 – J. García Carrión v EUIPO – Eckes-Granini Group (Cruth buidéil)
(Cás T-1156/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: J. García Carrión, SA (Jumilla, an Spáinn) (ionadaí: J. Mora Cortés, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Eckes-Granini Group GmbH (Nieder-Olm, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Trádmharc tríthoiseach (Cruth buidéil) – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 394 338
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 5 Meán Fómhair 2023 i gCás R 372/2023-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO agus don idiragraí (i gcás ina láithríonn sé agus ina ndéanann sé idirghabháil sa chás seo) na costais a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí os comhair an Rannáin Chúlghairme agus os comhair an Chúigiú Bord Achomhairc de EUIPO.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________