Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir), a taisceadh an 25 Iúil 2023 – “STAR POST” ЕООD v Komisia za regulirane na saobshteniyata

(Cás C-476/23, Star Post)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: “STAR POST” ЕООD

Cosantóir: Komisia za regulirane na saobshteniyata

Na ceisteanna a tharchuirtear

Conas ba chóir na focail “soláthraí seirbhíse poist a ndéantar difear dó le cinneadh ó údarás rialála” agus go háirithe na focail “a ndéantar difear dó” de réir bhrí Airteagal 22(3) de Threoir 2008/6/CE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 97/67/CE maidir le margadh inmheánach sheirbhísí poist an Chomhphobail a ghnóthú go hiomlán a léiriú? Ar chóir na focail “a ndéantar difear dó” a léiriú sa chaoi go gcaithfidh sé gur glacadh an cinneadh ón údarás rialála i ndáil leis an soláthraí seirbhíse poist go sonrach? An “ndéantar difear”, de réir bhrí Airteagal 22(3) de Threoir 2008/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 97/67/CE maidir le margadh inmheánach sheirbhisí poist an Chomhphobail a ghnóthú go hiomlán, do chuideachta atá gníomhach mar sholáthraí seirbhísí poist, i gcás ina bhfuil an chuideachta sin san iomaíocht leis an soláthraí seirbhíse poist uilechoitinne i nós imeachta maidir le dámhachtain conarthaí poiblí agus a rinne argóintí i dtaca le tras-fhóirdheonú an tsoláthraí seirbhíse poist uilechoitinne, ar dhiúltaigh an chúirt dóibh, mar gheall ar chinntí ón údarás náisiúnta rialála lena n-aithnítear luach na gcostas glan le haghaidh na seirbhíse poist uilechoitinne arna sholáthar ag soláthraí na seirbhíse poist uilechoitinne agus lena gcinntear gurb ionann na costais sin, go pointe áirithe, agus ualach airgeadais as cuimse mar gheall ar sholáthar na seirbhíse poist uilechoitinne?

An gcuirtear cosc le hAirteagal 22(3) de Threoir 2008/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 97/67/CE maidir le margadh inmheánach sheirbhísí poist an Chomhphobail a ghnóthú go hiomlán agus le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ar staid amhail an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí, nach féidir le soláthraí seirbhísí poist, atá in iomaíocht le soláthraí seirbhíse poist uilechoitinne, achomharc a dhéanamh os comhair comhlacht neamhspleách i gcoinne cinneadh ó údarás náisiúnta rialála lena n-aithnítear luach na gcostas glan le haghaidh na seirbhíse poist uilechoitinne arna sholáthar ag soláthraí na seirbhíse poist uilechoitinne agus lena gcinntear gurb ionann na costais sin, go pointe áirithe, agus ualach airgeadais as cuimse mar gheall ar sholáthar na seirbhíse poist uilechoitinne?

____________

1 IO 2008 L 52, lch. 3.