Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 28 Samhain 2023 ag PB i gcoinne Bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a fógraíodh an 20 Meán Fómhair 2023 i gCás T-293/22, PB v BRA

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-727/23 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: PB (ionadaí: N. De Montigny, Dlíodóir)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an t-achomharc a ghlacadh agus an breithiúnas faoi achomharc a chur ar neamhní;

an cás a réiteach agus, mar atá de dhualgas ar an gCúirt Ghinearálta a dhéanamh, Cinneadh an 16 Iúil 2021 a mhéid nach n-áirítear ann ainm an achomharcóra ar liosta de na gníomhairí athaicmithe don bhliain airgeadais 2021;

a ordú don chosantóir san achomharc na costais arna dtabhú ag an achomharcóir i gcomhthéacs na n-imeachtaí seo agus na n-imeachtaí ag an gcéad chéim a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an t-iarratasóir na forais achomhairc seo a leanas, ina rangaítear iad ina ngrúpaí saincheisteanna dlí difriúla:

trí iarscríbhinní áirithe arna gcomhdú ag an achomharcóir le linn na n-imeachtaí a dhiúltú mar iarscríbhinní neamh-inghlactha, rinne an Chúirt Ghinearálta earráidí follasacha sa mheasúnú ar a n-ábharthacht don scrúdú ar na pléadálacha substainteacha;

sa mhéid nár bhain sí aon tátal ón admháil ó BRA le linn na héisteachta nár cuireadh san áireamh ach an tuarascáil mheastóireachta deireanach i gcomhthéacs an scrúdaithe ar athaicmiú atá faoi chonspóid, theip ar an gCúirt Ghinearálta cinneadh a dhéanamh cé gur thug an t-achomharcóir aghaidh ar an admháil sin ina phléadálacha mar fhreagra;

cé gur luaigh an iarratasóir sárú na meánmhéide reachtúla agus na gcuótaí arna mbunú ar an mbonn sin trí a bhí bunaithe ar bonn na forálacha ginearálta cur chun feidhme (‘FGC’), theip ar an gCúirt Ghinearálta rialú a dhéanamh ar phointe sár-riachtanach ar an neamhdhleathacht lenar tionscnaíodh an nós imeachta iomlán um athaicmiú agus ag cur isteach ar an iarratasóir go neamhspleách ar scrúdú aonar gach grád, de shárú ar phrionsabal na córa comhionainne chomh maith;

agus scrúdú á dhéanamh ar na hiarscríbhinní, ar na fíorais agus ar na sonraí a leagadh isteach le linn na n-imeachtaí, rinne an Chúirt Ghinearálta gnéithe áirithe a shaobhadh nó rinne sí cinntí frithráitheacha, agus chuir sí go córasach an dualgas cruthúnais ar an achomharcóir fíoras diúltach a chruthú go héagórach agus de shárú ar na rialacha a ghabhann leis an dualgas cruthúnais, chomh maith le cur i bhfeidhm na toimhde dlíthiúlachta as a mbaineann an riarachán tairbhe, , nó gur léirigh an Chúirt Ghinearálta an prionsabal d’aisiompú an dualgais cruthúnais go han-sriantach, ag sárú an ceart chun tialach córa agus chomhionannas na n-arm as ar cheart do gach achomharcóir tairbhiú;

chuir an Chúirt Ghinearálta, ar bhealach frithráiteach, i bhfeidhm go héagórach, na rialacha a bhaineann le riar dualgas cruthúnais na ngnéithe cosanta a chuir na páirtithe isteach, trína cheangal ar an achomharcóir cruthúnas d’fhíoras diúltach a chur i láthair, cé go raibh an t-achomharcóir ar brath ar éileamh simplí ó BRA d’fhíoras diúltach chun teacht ar an tátal go raibh sé cuí glacadh leis nár chuir BRA FGC i bhfeidhm nuair a tharla sé go raibh siad neamhdhleathach, de shárú ar an toimhde go gcomhlíonann an riarachán na rialacha a chuir sé orthu féin. Dá bhrí sin, theip ar an gCúirt Ghinearálta freisin, arís agus arís eile, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar na rialacha is infheidhme sa BRA, an slí ar cuireadh na rialacha sin i bhfeidhm a chur san áireamh, agus bhraith sí ar éilimh fíorghlan, gan bhunús ar bith, a rinne BRA, as a dtáinig saobhadh soiléir ar an bhfianaise i gcásanna áirithe, agus i gcásanna eile ag sárú Airteagal 54 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (‘RAA’) agus FGC is infheidhme;

i gcomhthéacs chur i bheidhm Airteagal 54 de RAA ar BRA agus scrúdú a dhéanamh ar an gcéad, an tríú, an ceathrú agus cúigiú saincheist dlí, chinn an Chúirt Ghinearálta go neamhdhleathach go raibh ‘corrlach breithmheasa’ ag BRA leis an gcleachtadh athaicmithe a eagrú agus cinneadh a dhéanamh ar an athaicmiú, trí chorrlach breithmheasa den sórt sin a léiriú de shárú ar Airteagal 110(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, na meáin agus na cuótaí a leagadh amach sna Rialacháin Foirne agus arna macasamhlú sa FCG infheidhme, agus ag cur aon locht, mírialtacht nó neamhdhleathacht as áireamh a eascraíonn as cur i bhfeidhm nithiúil na rialacha sin;

maidir leis an easpa réasúnaíochta a bhí leis an gCinneadh is ábhar don achomharc, bhréagnaigh an Chúirt Ghinearálta í féin agus sháraigh sí coincheap na réasúnaíochta aonair, dóthanacha agus neamh-fhrithráiteacha, agus í á mheas gur leor tagairt trí chinneadh gearán a dhiúltú do thuairim neamhaonair agus neamh-sonraithe den Chomhchoiste um Athaicmiú (‘CP’), agus go bhféadfaí í a fhorlíonadh ina dhiaidh sin trí nós imeachta dlíthíochta, chuir sí mearbhall freisin ar thráthúlacht eolais an achomharcóra ar na gnéithe spreagtha trí thagairt a dhéanamh d’iarscríbhinní a cuireadh ar fáil le linn na n-imeachtaí agus ag éileamh gur ar an mbonn sin gur cheart go mbeadh an t-achomharcóir in ann an réasúnaíocht aonair a bhain leis a bhaint amach ar an mbonn sin;

dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta go héagórach don argóint bunaithe ar earráid fhollasach measúnaithe agus í den tuairimgo raibh sé neamh-inghlactha de bharr neamhchomhlíonadh phrionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh, cé go raibh gnéithe a rinne tagairt chuig a leithéid d’earráid in áireamh san éileamh.

de shárú, arís, ar na rialacha nós imeachta maidir le hinghlacthacht saincheist dlí agus a nádúr éifeachtach, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta an tsaincheist mar gur theip CP tuairascáil chlabhsúir a fhoilsiú, agus í den tuairim go neamhdhleathach go bhféadfaí an easpa foilsithe sin a chúiteamh leis an iarratas ar rochtain ar na doiciméid, cé go gcomhlíonann na nósanna imeachta cuspóirí agus rialacha éagsúla agus nach mbaineann siad leis na doiciméid chéanna;

ar deireadh, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid follasach, de shárú ar na prionsabail is infheidhme maidir le híocaíocht costais, lena n-áirítear cothromas a mbaineann le conas a dháiltear na costais, nuair a d’ordaigh sí don iarratasóir costais uile na bpáirtithe a íoc, gan sárú, ag BRA, chuspóir na céime réamhdhlíthíochta a chur san áireamh, maidir le neamhrialtacht nós imeachta a admháil arna déanamh ag an éisteacht ó bhéal agus an cur i láthair fianaise, ag deireadh na dlíthíochta, ar ar dhírigh an Chúirt Ghinearálta go mór chun cúiseanna a thabhairt leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc;

go cothrománach, baineann an Chúirt Ghinearálta an bonn d’uathúlacht cásdlí agus í ag scrúdú na saincheisteanna dlí éagsúla a chuirtear faoina bráid.

____________