Language of document :

Caingean arna tabhairt an 10 Aibreán 2024 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht na Spáinne

(Cás T-250/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J.L. Buendía Sierra agus P. Messina, Gníomhairí)

Cosantóir: Ríocht na Spáinne

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

A dhearbhú, trí gan leasú a thabhairt isteach lena n-áiritheofaí go mbainisteofaí ADIF [Riarthóir an Bhonneagair Iarnróid, an Spáinn], ADIF-Alta Velocidad agus Renfe gan spleáchas don Stát, gan córas oibríochta um tháillí a chur i bhfeidhm de réir rialacha agus phrionsabail Threoir 2012/34, 1 nó ar deireadh, trí gan an leasú riachtanach a thrasuí sa Chomhaontú le ADIF-Alta Velocidad, gur mhainnigh Ríocht na Spáinne i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí atá uirthi de réir Airteagal 4(2), Airteagal 5(3)(b), Airteagail 29(1), 30(1) agus (3), Airteagal 31(2), (3), (7) agus (8), agus Airteagal 33, i dtaca le hIarscríbhinní I agus II agus 36 den Treoir thuasluaite.

A ordú do Ríocht na Spáinne costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Bhí sé d’oibleagáid ar Ríocht na Spáinne Treoir 2012/34 a thrasuí agus a chur i bhfeidhm lena mbunófaí limistéar Eorpach iarnróid aonair roimh an 16 Meitheamh 2015.

Measann an Coimisiún, áfach, nach ndearnadh í a thrasuí i gceart i ndáil leis na ceisteanna seo a leanas:

1. Tugtar sárú ar Airteagal 4(2) agus Airteagal 5(3)(b) den Treoir faoi deara gan an méid seo a leanas a áirithiú i ndáil leis an reachtaíocht náisiúnta:

(i) go mbainisteofaí riarthóir an bhonneagair iarnróid (ADIF agus ADIF-Alta Velocidad) gan spleáchas don Stát, agus

(ii) an tsaoirse chun praghsanna a chur ar sheirbhísí iarnróid, atá le socrú ag an ngnóthas iarnróid (i.e. Renfe) i gcomhréir le prionsabail a bhaineann le tráchtáil amháin.

Go deimhin, ós iad a ghlacann cinntí ná comhlachtaí atá comhdhéanta d’oifigigh agus d’fhostaithe aireachtaí an Stáit den chuid is mó, d’fhéadfaí a mheas go n-imríonn an Stát tionchar cinntitheach orthu, de shárú ar fhorálacha na Treorach.

2. Níor bunaíodh córas infheidhme oibríoch um tháillí ach an oiread lena sásófaí go héifeachtach na prionsabail agus na rialacha dá bhforáiltear in Airteagail 4(2), 29(1), 31(2)(3)(7) agus (8), agus Airteagal 33, i dtaca le hIarscríbhinní I agus II, agus 36.

Cé gur fíor go bhfuil gníomhartha reachtacha glactha ag an Spáinn chun an córas um tháillí a leasú, fionraítear leis na gníomhartha reachtacha sin feidhm na scéime nuaí nó go nglacfaidh ADIF cinneadh maidir lena cur i bhfeidhm. Mar sin féin, níl córas nua forbartha ag ADIF ná amlíne tugtha aige le hamhlaidh a dhéanamh agus ní bhunaítear teorainn ama leis an reachtaíocht faoina gcaithfí amhlaidh a dhéanamh. Níl sainordú na Treorach maidir leis an gceist sin comhlíonta dá réir sin.

3. In ainneoin go gceanglaítear le hAirteagal 30(1) agus (3) de Threoir 2012/34 laghdú a dhéanamh ar na costais a bhaineann le bonneagar a chur ar fáil ‘agus’, go carnach, ar mhéid na dtáillí rochtana, ba mar rogha eile a trasuíodh é i reachtaíocht na Spáinne ar dtús, leis an cónasc ‘nó’ á chur san áireamh agus lena leasaítear brí Airteagal 30(1) agus (3) de Threoir 2012/34.

Bíodh is go bhfuil an coincheap sin leasaithe ag an Spáinn faoi dheireadh, níl sé aistrithe aici sa Chomhaontú le ADIF-Alta Velocidad go fóill, ar Comhaontú é lena rialaítear ranníocaíochtaí eacnamaíocha agus maoinithe an eintitis sin. Mar sin, níor cuireadh na coincheapa thuasluaite i bhfeidhm go héifeachtach.

____________

1 Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach iarnróid aonair (athmhunlú) (IO L 343, lch. 32).