Language of document :

Caingean arna tabhairt an 23 Aibreán 2023 – Azienda Agricola F.lli Buccelletti v EUIPO – Sunservice (Cuaillí tacaíochta le haghaidh plandaí)

(Cás T-210/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Azienda Agricola F.lli Buccelletti Srl (Castiglion Fiorentino, an Iodáil) (ionadaí: A. Pagani, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh – EUIPO

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhord Achomhairc: Sunservice Srl (Castiglione del Lago, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail (Cuaillí tacaíochta le haghaidh plandaí) – Dearadh Pobail Uimh. 8 262 364-0001

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Feabhra 2023 i gCás R 370/2022-3

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus, dá bhrí sin, cinneadh an Rannáin  Neamhbhailíochta  an 20 Eanáir 2019 a chur ina cheart freisin (imeachtaí neamhbhailíochta Uimh. ICD 115 222), lena ndearbhaítear dearadh Comhphobail Uimh. 8 262 364-0001 neamhbhailí;

a ordú éisteachtaí finnéithe agus aon chigireacht nó measúnú iomchuí ar an láthair d’fhonn a fháil amach ó thríú páirtithe (saineolaithe agus/nó teicneoirí) arna gceapadh ag an gCúirt, staid na dtacaíochtaí ar a bhfuil an t-iarratasóir ag brath orthu sna doiciméid agus na cosúlachtaí idir na cuaillí a úsáideadh chun iad a dhéanamh agus na cuaillí is ábhar don dearadh Comhphobail a bhfuil an t-iarratasóir ag iarraidh a dhearbhú a bheith neamhbhailí;

a ordú do Sunservice Srl costais na n-imeachtaí go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí

Cur i bhfeidhm mícheart na gcritéar chun measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir ar fáil maidir le neamhbhailíocht an dearaidh atá faoi chonspóid;

Cur i bhfeidhm mícheart agus/nó mainneachtain Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle a chur i bhfeidhm, agus in aon chás mainneachtain luach cruthúnais na fianaise a thug an iarratasóir ar aird a aithint chun críocha nochta  a leagtar amach in Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;

Cur i bhfeidhm mícheart agus/nó mainneachtain na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an gceanglas úrnua a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle a chur i bhfeidhm;

Cur i bhfeidhm mícheart na gcritéar chun measúnú a dhéanamh ar an gceanglas maidir le carachtar aonair a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle, de bharr gur theip ar an mBord Achomhairc a admháil agus/nó gur theip air a admháil i gceart go n-aithneodh úsáideoir eolasacha an cruth, nó toisc nár cuireadh na critéir “samhail in aghaidh samhail” i bhfeidhm i gceart agus/nó nár cuireadh i bhfeidhm ar chor ar bith é.

____________