Language of document :

Achomharc arna thaisceadh an 30 Samhain 2023 ag Soudal NV i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra méadaithe) arna thabhairt an 20 Meán Fómhair 2023 i gCásanna T-201/16, T-335/16, T-357/16 agus T-369/16, Soudal agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-734/23 P)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Achomharcóir: Soudal NV (ionadaí: H. Viaene, Dlíodóir)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chur ar ceal, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní 1 agus a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais a íoc agus, mar mhalairt air sin, mura nglacann an Chúirt leis an tríú saincheist dlí, an t-ordú aisghabhála dá dtagraítear in Airteagal 2 den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais a íoc;

mar mhalairt air sin, má ghlacann an Chúirt Bhreithiúnais le saincheisteanna dlí an iarratasóra ach go measann sí nach gceadaítear le staid na n-imeachtaí go dtabharfar breith ar an gcás toisc nár thug an Chúirt Ghinearálta breith ar an réasúnaíocht mhalartach maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta a mhéid a bhaineann leis an réasúnaíocht mhalartach maidir le roghnaíocht agus costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais a fhorchoimeád agus, ar bhonn coimhdeach, glacadh leis an tríú saincheist dlí sa chás seo agus an t-ordú aisghabhála a leagtar amach in Airteagal 2 den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní láithreach, ar a laghad.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Tá an chéad saincheist dlí bunaithe ar roinnt earráidí dlí agus ar shaobhadh ar na fíorais a mhéid a chinntear sa bhreithiúnas atá faoi achomharc gur shainigh an Coimisiún an córas tagartha i gceart agus go raibh an ceart aige a chinneadh go bhfuil maoluithe ar an gcóras tagartha. Tá an tsaincheist dlí sin briste síos i dtrí chuid. Má ghlacann an Chúirt le haon cheann de na saincheisteanna dlí, is leor aon cheann acu chun an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal agus, dá réir sin, an cinneadh atá faoi chonspóid, a chur ar neamhní:

a)    An chéad chuid: sa chéad chuid, léiríonn an t-achomharcóir nach mór an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal a mhéid a d’fhéach an Chúirt Ghinearálta chun an córas tagartha a chinneadh ar bhonn earráidí dlí agus saobhadh ar na fíorais.

b)    An dara cuid: sa dara cuid, léiríonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus go ndearna sí saobhadh ar dhlí na Beilge trína mheas nach féidir le hAirteagal 185(2)(b) de WIB 92 1 coigeartú anuas sa Bheilg a cheadú ach má dhéanann údarás canach tíre eile coigeartú dearfach comhfhreagrach.

c)    An tríú cuid: sa tríú cuid, léiríonn an t-achomharcóir go bhfuil earráidí dlí agus saobhadh ar na fíorais i measúnuithe na Cúirte Ginearálta, a mhéid a dhearbhaíonn sí nach gceadaítear le hAirteagal 185(2)(b) de WIB 92 coigeartuithe a dhéanamh trí thagairt do ‘bhrabús hipitéiseach’.

Tá an dara saincheist dlí bunaithe ar an bhfíoras gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 61 den Reacht, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid éagsúla dlí agus gur shaobh sí na fíorais trína mheas go raibh an ceart ag an gCoimisiún nuair a chinn sé go raibh an córas roghnaitheach. Léiríonn an t-achomharcóir ina leith sin nach bhfuil na trí chás lena léirítear an roghnaíocht réadúil. Má ghlacann an Chúirt leis na hargóintí i gcoinne na dtrí chás, níl roghnaíocht i gceist agus ní mór an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal agus an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní.

Tá an tríú saincheist dlí bunaithe ar an bhfíoras go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína chinneadh nach sáraítear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná cosaint ionchas dlisteanach leis an ordú an chabhair a aisghabháil.

____________

1 Cinneadh (AE) 2016/1699 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2016 maidir leis an scéim Státchabhrach um dhíolúine iarmhéid an bhrabúis SA.37667 (2015/C) (ex 2015/NN) arna cur chun feidhme ag an mBeilg (IO L 260, lch. 61)

1 Wetboek van de inkomstenbelastingen 1992 (an Cód Cánach Ioncaim, 1992).