Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Nacional (an Spáinn) a taisceadh an 4 Márta 2022 – Imeachtaí i gcoinne Juan

(Cás C -164/22)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Audiencia Nacional

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Juan Páirtí eile sna himeachtaí: Ministerio Fiscal

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An bhfuil ann sa chás seo do chúinsí bis in ídem de réir Airteagal 50 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 54 den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, ós rud é gurb ann do na fíorais chéanna, de réir an raon feidhme a fhágann an cásdlí Eorpach leis an gcoincheap seo, nó mar mhalairt ar sin, an faoin gcúirt seo atá sé a leithéid de mheasúnú a dhéanamh, i gcomhréir leis na prionsabail arna lua sa bhreithniú seo, ós rud é gur cion leanúnach amháin atá ann, lena n-áirítear an prionsabal maidir leis na pionóis a athmhúnlú agus an prionsabal maidir le teorainn pionóis a bhunú, i gcomhoiriúnacht le critéir na comhréireachta?

Más rud é nach ann do chúinsí bis in ídem, ós rud é nach bhfuil na fíorais go hiomlán comhionann lena chéile, i gcomhréir leis na critéir arna lua sa bhreithniú seo:

An é, i bhfianaise na gcúinsí sa chás seo, go bhfuil na teorainn ar éifeacht na mbreithiúnas ó Bhallstáit AE eile dá bhforáiltear go sonrach in Airteagal 14.2 de Dhlí (Ley Organica) 7/2014 an 12 Samhain, maidir le malartú faisnéise ar thaifeadtaí coiriúil agus lena gcuirtear breithiúnais choiriúla an Aontas Eorpach san áireamh, agus lena dtrasuitear reachtaíocht AE, i gcomhréir le Cinneadh Réime 2008/675/JAI ón gComhairle1 an 24 Iúil 2008, maidir le ciontuithe i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh i gcúrsa imeachtaí nua coiriúla, chomh maith le hAirteagal 45 agus 49.3 de CCBAE agus prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais laistigh de raon feidhme AE?

Más rud é, mura bhfuil ann do nós imeachta i ndlí na Spáinne lena gceadófaí d’aithint breithiúnais eachtracha Eorpacha, d’athmhúnlú agus d’athoiriúnú nó teorannú na bpionóis, ar shlí a rathófaí a gcomhréireacht, nuair a thagann cás chun cinn nach mór a sheirbheáil sa Spáinn, ag tagairt d’fhíorais atá i gcaidreamh leanúnachais nó i ndáil choiriúil le cúirteanna eile sa Spáinn agus a bhfuil ciontú ina leith freisin, an bhfuil sé i gcontrárthacht le hAirteagail 45 agus 49.3 de CCBAE mar aon le Cinneadh Réime 2002/584/JAI1 an 13 Meitheamh 2002, agus Airteagail 8(1) agus (2) de Chinneadh Réime 2008/909/JAI2 ón gComhairle an 27 Samhain 2008, maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla lena bhforchuirtear pianbhreitheanna coimeádta nó bearta a bhaineann le cailleadh saoirse chun iad a fhorfheidhmiú san Aontas Eorpach agus go ginearálta le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí breithiúnacha laistigh de raon feidhme AE?

____________

1 Cinneadh Réime 2008/675/JAI ón gComhairle an 24 Iúil 2008, maidir le cur san áireamh ciontuithe idir Bhallstáit an Aontais Eorpaigh le linn imeacht coiriúil (IO 2008, L 220, lch. 32)

1 Cinneadh Réime 2002/584/JAI ón gComhairle, an 13 Meitheamh maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit - Ráitis a rinne roinnt Ballstát nuair a glacadh an Cinneadh Réime. (IO 2002, L 190, lch. 1).

1 Cinneadh Réime 2008/909/JAI ón gComhairle, an 27 Samhain 2008, maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais in ábhair choiriúla a bhforchuirtear pionóis nó bearta eile um cailleadh saoirse ina leith chun críocha a bhforghníomhaithe an Aontais Eorpaigh. (IO 2008, L 327, lch. 27)