Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 3 Márta 2022 ag MG i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 21 Nollaig 2021 i gCás T-573/20, MG v an Banc Eorpach Infheistíochta

(Cás C-173/22 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: MG (ionadaí: L. Levi, avocate)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Banc Eorpach Infheistíochta

An t-ordú atá á lorg:

a dhearbhú go bhfuil an t-achomharc inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;

breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Nollaig 2021 i gCás T-573/20 a chur ar neamhní;

dá thoradh sin, an faoiseamh á lorg ag an gcéad chéim a dheonú don iarratasóir agus, dá bhrí sin:

- cinneadh BEI an 11 Deireadh Fómhair 2018, lenar baineadh liúntais teaghlaigh den iarratasóir (lena n-áirítear, go háirithe, na costais cúraim leanaí agus CPE a d’asbhain BEI go míchuí ó thuarastal an iarratasóra go dtí mí na Samhna 2019) agus cearta airgeadais díorthaithe (lena n-áirítear, go háirithe, faoisimh chánach agus aisíocaíocht speansas leighis leanaí cleithiúnacha an iarratasóra), a chur ar neamhní;

- más gá, litir/cinneadh an 7 Eanáir 2019 lena ndiúltaítear d’iarratais uile an iarratasóra a chur ar neamhní;

- más gá, cinneadh BEI dar dáta an 30 Iúil 2020, lena n-aithnítear nach raibh ann d’idir-réiteach agus lena ndeimhnítear cinneadh an 11 Deireadh Fómhair 2018;

- cúiteamh i leith an damáiste ábhartha agus ginearálta a bhain don iarratasóir;

a ordú don chosantóir costais iomlána an dá chéim a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí:

Ina achomharc, cuireann an t-achomharcóir na forais seo a leanas ar aghaidh:

leis an mbreithiúnas faoi achomharc, sáraítear coincheap an chirt chun éisteacht a fháil;

leis an mbreithiúnas faoi achomharc, sáraítear an creat rialála is infheidhme a bhaineann leis an oibleagáid cúiseanna a lua;

leis an mbreithiúnas faoi achomharc, rinneadh an comhad a shaobhadh agus tugadh neamhaird ar an gcoincheap maidir le hearráid shoiléir mheasúnaithe. Sáraíodh prionsabail na córa comhionainne agus na comhréireachta freisin trí dhiúltú do phléadáil na neamhdhleathachta maidir leis na forálacha riaracháin a bhaineann le liúntais teaghlaigh;

leis an mbreithiúnas faoi achomharc, sáraíodh an creat rialála is infheidhme (Airteagal 3(4) de Rialachán Uimh. 260/68 1 );

leis an mbreithiúnas faoi achomharc, rinneadh an comhad a shaobhadh agus an cúigiú foras achomhairc á dhiúltú, sáraíodh Airteagal 85 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta agus rinneadh na fíorais a aicmiú go mícheart. Níor thug an Chúirt Ghinearálta freagra ar na gearáin go léir a ardaíodh agus theip uirthi a hoibleagáid cúiseanna a lua a chomhlíonadh.

____________

1 Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos na coinníollacha agus an nós imeachta maidir leis an gcáin a chur i bhfeidhm chun tairbhe na gComhphobal Eorpach (IO 1968 L 56, lch. 8).