Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 - Ryanair v an Coimisiún
(Condor; cúnamh tarrthála)
(Cás T-577/20) 1
(Státchabhair – Margadh aeriompair na Gearmáine – Iasacht arna deonú ag an nGearmáin do Condor Flugdienst – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach – Airteagal 107(3)(c) CFAE – Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu – Deacrachtaí sonracha nach de thoradh ar leithdháileadh treallach costas laistigh den ghrúpa iad – Deacrachtaí atá róthromchúiseach chun go ndéileálfadh an grúpa féin leo – Baol ann go gcuirfí isteach ar sheirbhís thábhachtach)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Ryanair DAC (Sord, Éire) (ionadaithe: E. Vahida, F.-C. Laprévote, V. Blanc, S. Rating agus I.-G. Metaxas-Maranghidis, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn agus V. Bottka, i gcáil Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gCosantóir: Condor Flugdienst GmbH (Neu-Isenburg, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Birnstiel agus S. Blazek, Dlíodóirí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar Cinneadh C(2019) 7429 final ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir le Státchabhair SA.55394 (2019/N) – An Ghearmáin – Cabhair tarrthála do Condor (IO 2020 C 294, lch. 3) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Déantar an chaingean a dhíbhe;
Ordaítear do Ryanair DAC a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an Coimisiún Eorpach a íoc.
Íocfaidh Condor Flugdienst GmbH as a chostais féin.
____________
1 IO C 399, 23.11.2020.