Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 26 Eanáir 2024 – K.L. v Migracijos departamentas prie Lietuvos Respublikos vidaus reikalų ministerijos

(Cás -63/24, Galte) 1

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Zwrotybankowe.pl sp. z o.o.

Cosantóir: Migracijos departamentas prie Lietuvos Respublikos vidaus reikalų ministerijos

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 12(2)(b) de Threoir 2011/95/AE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le léiriú sa chaoi go bhfuil, agus measúnú á dhéanamh ar cé acu an dtagann nó nach dtagann duine ag a bhfuil na critéir maidir le stádas dídeanaí a dheonú á gcomhlíonadh faoi na forais le bheith eisiata ó stádas dídeanaí a leagtar amach in Airteagal 12(2)(b) de Threoir 2011/95/AE, oibleagáid ann an pianbhreith arna seirbheáil cheana ag an duine sin, an pardún nó maithiúnas arna dtabhairt don duine sin nó a leithéid sin de chúinse a chur san áireamh?

____________

1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO 2011 L 337, lch. 9.