Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Sofia-Oblast (an Bhulgáir) a taisceadh an 6 Deireadh Fómhair 2023 – “Ronos” OOD, MA, TI v Komisia za zashtita na konkurentsiata

(Cás C-619/23, Ronos)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Sofia-Oblast

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: ‘Ronos’ OOD, MA, TI

Cosantóir: Komisia za zashtita na konkurentsiata

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/1 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 di, agus i bhfianaise Airteagal 4(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, le léiriú sa chaoi go gcuirtear teorainn le cumhachtaí údaráis iomaíochta náisiúnta, agus cigireacht ar bun acu, chun teacht ar chomhfhreagras príobháideach, a ráthaítear a dhosháraitheacht faoi bhunreacht an Bhallstáit, i gcás nach bhfuil na forais chun an ceart chun saoirse agus rúndacht an chomhfhreagrais, a chumhdaítear sa Bhunreacht féin, leagtha síos?

An bhfuil Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach le léiriú sa chaoi, i gcás ina ndéanann údarás iomaíochta náisiúnta cigireacht, go bhfuil duine a n-iarrtar air rochtain a thabhairt ar mheán sonraí i dteideal rochtain a dhiúltú ar ábhar ar chuid dá chomhfhreagras príobháideach é, ós rud go ráthaítear do-sháraitheacht comhfhreagrais phríobháidigh le bunreacht an Bhallstáit agus nach bhfuil na forais chun ceart chun saoirse agus rúndachta comhfhreagrais agus cumarsáidí eile, a chumhdaítear leis an mBunreacht féin, bunaithe?

____________

1 Treoir (AE) 2019/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú (IO 2019 L 11, lch. 3).