Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Varna (an Bhulgáir) a taisceadh an 10 Deireadh Fómhair 2023 – ‘SEM Remont’ EOOD v Direktor na direktsia ‘Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika’ Varna pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite

(Cás C-624/23, SEM Remont)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Varna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ‘SEM Remont’ EOOD

Cosantóir: Direktor na direktsia ‘Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika’ Varna pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gceadaítear cleachtas oifige cánach de bhun Airteagail 63, 167, 168(a), 178(a), 218, 219, 220, 226 agus 228 de Treoir 2006/112/CE 1 ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha i ndáil le cur i bhfeidhm forálacha náisiúnta agus go háirithe Airteagal 71(1) den Zakon za danak varhu dobavenata stoynost (an Dlí maidir le cáin bhreisluacha, ‘ZDDS’) i gcomhar le hAirteagal 25(1) de ZDDS, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 102(4), 114, 116 agus 117 de ZDDS, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 125 agus 126 de ZDDS, ar cleachtas é faoinar diúltaíodh d’fhaighteoir seirbhíse atá faoi réir CBL an ceart asbhainte don tréimhse inar soláthraíodh an tseirbhís agus freisin do thréimhse a dhearbhaithe sa tuairisceán cánach ar an bhforas nár luadh aon CBL sa sonrasc a d’eisigh an soláthraí seirbhíse don fhaighteoir agus, ar dháta níos déanaí (le linn iniúchadh cánach an tsoláthraí seirbhíse), eisíodh doiciméad nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le hinneachar sonrasc (dréachtaíodh meamram ina ndearnadh cur síos ar an údar mar fhaighteoir agus soláthraí na seirbhíse de réir an mheamraim) agus inar dearbhaíodh an sonrasc a eisíodh d’fhaighteoir na seirbhíse agus inar ríomhadh CBL ar bhonn an mhéid inchánach a bhí luaite ann, CBL a íocadh, agus níor éiligh an faighteoir an ceart asbhainte ach ina dhiaidh sin (‘an ceart chun creidmheas cánach a éileamh’ faoi ZDDS) ar bhonn an mheamraim sin, agus an bhfágtar go bhfuil feidhmiú an chirt asbhainte dodhéanta i gcleachtas nó ródheacair ar an duine inchánach mar gheall ar chleachtas den sórt sin?

Más freagra diúltach a thabharfar ar an gcéad cheist: Cathain is féidir an ceart asbhainte a fheidhmiú, nuair a eisítear an sonrasc gan CBL a bheith luaite ann nó nuair a eisíonn an soláthraí seirbhíse an meamram?

Le hAirteagal 203, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 178(a), agus Airteagal 176 de Threoir CBL agus prionsabal na neodrachta fioscaí, an gceadaítear foráil amhail Airteagal 102(4) de ZDDS agus cleachtas údaráis náisiúnta cánach ar dá réir a bhfuil soláthraí seirbhíse atá faoi réir CBL nár chuir iarratas ar chlárú isteach faoi ZDDS laistigh den tréimhse arna forchur le dlí ón tráth a bhí oibleagáid air clárú faoi ZDDS CBL a íoc ach i dtaca leis na seirbhísí a sholáthair sé sa tréimhse ón dáta a tháinig an oibleagáid um chlárú chun cinn go dtí an clárú leis an oifig cánach, gan aon fhoráil a bheith déanta gur féidir leis an soláthraí seirbhíse ar suíodh go bhfuil sé faoi réir CBL de bhun Airteagal 102(4) de ZDDS sonraisc cheartaithe (nó doiciméad eile) a eisiúint d’fhaighteoirí seirbhísí ionas gur féidir leo an ceart asbhainte a fheidhmiú?

____________

1 IO 2006 L 347, lch. 1.