Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – an Phortaingéil v an Coimisiún

(Cás T-512/22) 1

(CERT agus CETFT – Caiteachas atá eisiata ó mhaoiniú – Caiteachas arna thabhú ag an bPortaingéil – Coincheap na dtailte féaraigh buana – Córas pro rata – Seiceálacha ar-an-láthair – Comhréireacht – Prionsabal an chomhair dhílis – Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 – Airteagal 34(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Portaingéile (ionadaithe: P. Barros da Costa agus H. Almeida, Gníomhairí, le cúnamh ó N. Domingues agus G. Gomes, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Aquilina agus B. Rechena, Gníomhairí)

Ábhar

Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarann Poblacht na Portaingéile go gcuirfí ar neamhní go páirteach Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/908 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2022, lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), (IO 2022, L 157, lch. 15), a mhéid a bhaineann sé le caiteachas a líomhnaítear a thabhaigh sé sna blianta éilimh 2016 go 2019 arb ionann é agus EUR 117,066,097.40.

An chuid oibríochtúil

Díbhtear an chaingean.

Ordaítear do Phoblacht na Portaingéile na costais a íoc.

____________

1 IO C 398, 17.10.2022.