Caingean arna tabhairt an 29 Samhain 2023 – Dyadema v EUIPO – Pegador (PEGADOR)
(Cás T-1124/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Dyadema Srl (San Zenone degli Ezzelini, an Iodáil) (ionadaithe: F. Celluprica, F. Fischetti agus F. De Bono, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Pegador GmbH (Emsdetten, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “PEGADOR”– Iarratas ar chlárú Uimh. 18 511 714
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bhord Achomhairc de EUIPO an 13 Meán Fómhair 2023 i gCás R 331/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais ó na céimeanna níos luaithe sna himeachtaí seo.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________