Caingean arna tabhairt an 18 Nollaig 2023 – Primagran v EUIPO – Primagaz (PRIMA)
(Cás T-1162/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Primagran sp. z o.o. (Stegna, an Pholainn) (ionadaithe: R. Skubisz agus T. Drab, radcy prawni, agus E. Stec-Dobroczyńska, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Primagaz SAS (Páras, an Fhrainc)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘PRIMA’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 024 541
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 17 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 213/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú don chosantóir, agus i gcás ina dtéann an páirtí eile os comhair an Bhord Achomhairc sna himeachtaí, don idiragraí, na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí
Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(c) EUTMR;
Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b) EUTMR;
Sarú ar ionchais dhlisteanacha.
____________